7) tírdhearc cósta Flashcards
Tonnta
Tonnta =an ngaoth ag gluaiseacht thar dhromchla na farraige.
Braitheann cumhacht na tonnta ar;
Luas na gaoithe
Réim na gaoithe (fad séidte na gaoithe)
Borruisce
uisce a ghuaiseann suas ar an gcladach
Cúlchaise
uisce a bhogann anuas an cladach arís
Tonnta tógála
Borrusice láidir agus cúlchaise níos laige.
Déanann siad sil-leagan
Aimsir shocair
Tonnta Scriosacha
Borruisce lag agus cúlchaise níos láidre
Déanann siad creimeadh
Droch aimsir
Gníomhú hiodrálach
fórsa mór na dtonnta ag buaileadh an aghaidh an chósta
Aer comhbhrúite
nuair a bhruann na tonnta aer isteach i mbearnaí sa charraig. Bíonn pléascadh beag nuair a chúlaíonn na tonnta siar.
Scríobchaitheamh
nuair a bhriseann na tonnta clocha, srl. i gcoinne an imeallbhord
Cnaí
clocha, srl. atá á n-iompar ag an bhfarraige ag cuimhilt i gcoinne a chéile. Éiríonn siad níos lú agus níos míne
Tuaslagan
nuair a thuaslagan an fharraige an charraig ar an gcósta.
scríobadh fad cladaigh
Iompraíonn an fharraige dríodar trí phróiseas síobhtha feadh cladaigh (longshore drift)
Tonnta ar teacht isteach ar uilinn toisc treo na gaoithe
Briseann an borruisce ábhar suas an cladach ar uilinn
Iompraíonn an cúlchaise cuid den ábhar ar ais ar an trá ar dronuilinn
Cruthaíonn sé seo cruth zig-zag d’ábhar a ghluaiseann fad an trá
Bánna agus Cinn Tíre msh
Sampla; Bá Thrá Lí agus Leithinis Dhaingean Uí Chúis
An chaoi a ndéanann an fharraige sil-leagan
Déanann an fharraige a hualach a shil-leagan nuair a chailleann na tonnta fuinneamh
Tarlaíonn sé seo;
In uisce éadomhain (shallow water)
Sa samhradh nuair a bhíonn tonnta níos laige ann
AIILTE
Éadan de charraig ghéar nó ingearach ar an chósta
Toisc creimeadh foirmíonn eang thonngheartha (wave-cut notch)
Thar am éiríonn an eang níos mó. Cruthaítear clár tonnghearrtha (wave-cut platform)
Ar deireadh toisc scéimhghearradh (undercutting) titeann na carraigeacha ar barr = Aill
Sil-leagtar an dríodar amuigh san fharraige ag foirmiú léibheann tonndéanta (wave-built terrace)
Sampla; Aillte an Mhóthair, Co. an Chlár
Bánna agus Cinn Tíre
Ceann tíre = carraig chrua a ghobann amach san fharraige
Bá = ceantair atá creimthe idir dhá cheann tíre
Cruthaítear iad in áiteanna ina bhfuil meascán de charraig bhog agus carraig chrua
Creimtear carraig bhog níos tapúla
Pluaiseanna mara, stuanna mara, stacaí farraige agus stumpaí farraige
Tús le foirmiú eang
Thar ama forbraíonn an eang ina pluais mhara
Má leantar creimeadh is féidir leis an pluais gearradh tríd go taobh eile an ceann tíre = stua mara
Cruthaítear staca farraige nuair a thiteann díon an stua mhara
Ar deireadh déanann an fharraige creimeadh ar an staca ag foirmiú stumpa
Poll séideáin msh
Sampla; Bá Mhic Shuibhne, CO DHún na nGall
Trá
Trá = sil-leagan gainimh agus scaineagáin (shingle) a chruthaíonn tonnta tógála
Sil-leagann an borruisce a n-ualach gainimh agus scaineagáin suas an cladach.
Thar ama meadaíonn an méid ábhar. Faightear ábhar níos míne ar an urthrá agus ábhar níos gairbhe ar an gcúltrá
Cruthaítear duirling stoirme le linn aimsir stoirme. Chaithtear bolláin os cionn an ghnéthmhairc lán mara
Pluaiseanna mara, stuanna mara, stacaí farraige agus stumpaí farraige msh
Sampla; Rinn Duáin, Co Loch Garman
Poll séideáin
Poll a théann trí dhíon na pluaise mara go dtí an dromchla
Bíonn aer comhbhrúite ar chúl na pluaise - pléascadh beag nuair a chúlaíonn na tonnta
Déantar po; I ndíon na pluaise a thagann uisce amach as
Dumcha
Dumcha = Bailiú mór gainimh a shil-leagtar ar chúl na trá
Triomaíonn gaotha gaineamh ar an trá
Séideann an ghaoth an gaineamh éadroime seo intíre. Bíonn sé gafa ag fásra agus bailíonn sé le chéile
Fásann muiríneach, fear tiubh, sa dumcha ag greamú breis gaineamh.
Dumcha msh
Sampla; Trá Inse, Co. Chiarraí
Goba Gainimh agus Murlach (sand spit and lagoon msh
Trá inse, Co. Chiarraí. Loch Tóchair, Co. Loch Garman
Goba Gainimh agus Murlach (sand spit and lagoon
Gog Gainimh = trá gainimh nó scaineagáin atá ceangailte leis an mórthír ar taobh amháin
Cruthaithe nuair a shroicheann síobadh feadh cladaigh casadh ar an chósta ar nós bá
Sil-leagtar ábhar san uisce. Thar ama meadaíonn sé
Ar deireadh sroicheann an gob taobh eile den bá ag cruthú murlach taobh thiar