20)Lonnaíocht Flashcards
cé mhéid príomh saghas lonnaíocht
tá dhá phríomh saghas lonnaíochtaí ann – lonnaíocht uirbeach agus lonnaíocht tuaithe
Lonnaíocht Uirbeach
Cathracha
Craobh-bhailte
Bailte uirbeach neamhspleách
Cathracha
Bailte/lonnaíochtaí le daonra níos mó ná 50,000 duine.
Craobh-bhailte
Bailte/lonnaíochtaí le daonra idir 1,500 agus 49,999. Taistealaíonn 20% don pobal chun obair i gcathair taobh leo.
Bailte uirbeach neamhspleách
Bailte/lonnaíochtaí le daonra idir 1,500 agus 49,999. Anseo, taistealaíonn níos lú ná 20% don Pobal chun obair i gcathair taobh leo.
Lonnaíocht Tuaithe
Ceantair le daonra faoi bhun 1,500 duine.
Patrúin lonnaíochta
Seo a tugtar ar an gcruth nó an gcuma a thógann lonnaíocht ar an tírdhreach.
Patrúin lonnaíochta tuaithe
Líneach
Lonnaíocht Scaipthe
Lonnaíocht Cnuasta
Líneach
I line feadh bóthair
Le fáil ar imeall bailte
Lonnaíocht Scaipthe
Tithe aonair, feirmeacha go minic
Patrúinn tuaithe is coitianta
Braitheann dlús ar chaighdéan na talún
Lonnaíocht Cnuasta
Foirgneamh socraithe timpeall ar chrosbhóthar
Meallann an lonnaíocht seo daoine toisc seirbhisí
Easpa lonnaíochta
thar tréimhse leathan níos mó ná 2 km cernaithe
dfhéadfadh sé a bheith mar sin mar gheall ar dhroch chaighdeán ithreacha droch dhraenáil airde mhór easpa rochtana achar fada ó lonnaíochtaí cnuasta agus a gcuid serbhísí
Tá tionchar ag na tosca seo ar lonnaíocht in Éirinn
Tírdhreach Fisiceach
Tosca Stairiúil
Tabhacht cathair Baile Átha Cliath
An Tírdhreach Fisiceach
Tháinig na céad lonnaitheoirí timpeall 10,000 bl ó shin le linn an tréimhse Mhéisiliteach (an Mheán-Chlochaois).
Níor fhan na daoine seo in aon áit amháin. Ba fhiagaithe-cnuasaitheoirí iad. Chónaigh siad i ngrupaí beaga agus bhog siad ó áit go háit ag lorg bia.
Tháinig na chéad lonnaitheoirí a rinne feirmeoireacht (Neoiliteach) níos déanaí. D’fhan siad in aon áit amháin agus thóg siad lonnaíocht níos seasta.
Airde agus rilíf
Is é is airde ann an airde os cionn leibhéal na farraige. Rilíf is ea an difríocht idir na pointí is airde agus is ísle agus cén cuma atá ar an talamh eatarthu (cothrom nó sléibhtiúil). Tá talamh cothrom nó ar fána réidh:
Níos éasca chun tógáil air nó feirmeoireacht a chleachtadh. Freisin tá siad níos fearr chun bonneagar ar nós bóithe a thógáil
De gnáth níos teo, le níos mó fothain ná talamh ard.
Draenáil
Formhór bailte agus sráidbhailte in áiteanna ina
bhfuil dea-draenáil ann. Déantar corcaigh a
sheachaint mar bíonn tuilte iontu.
Caighdeán talún
Tá talamh torthúil, faighte i ngleannta aibhneacha
níos fearr chun barra a fhás.
Aibhneacha
Do na chéad lonnaitheoirí bealaí ab
aibhneacha chun taistil air.
Chuir aibhneach uisce ar fáil chun ól agus cocaireacht a dhéanamh.
Tógadh lonnaíochtaí ar láithreáin baill thirim. Áiteanna atá in aice le habhainn ach nach bhfuil baoill tuilte ann.
Pointí droichid d’abhainn ab ea iad. Pointe fócais bóithre is ea na háiteanna seo.
Tá gníomhaíochtaí calafort, ar nós easpórtáil tar éis lonnaíocht uirbeach a fhorbairt ar béal aibhneacha.
Lonnaíocht Lochlannach
Tharla lonnaíocht Lochlannach in Éirinn idir 795 agus 1169 CE.
Tá bunús cathracha ar nós BÁC, Corcaigh agus Luimneach ón dtréimhse seo.
Lonnaigh na Lochlannaigh in aice an chósta chun trádáil a dhéanamh agus chun filleadh ar Chríoch Lochlainn.
Dún adhmaid, ar barr cnoic ab ea formhór na foirgnimh.
Lonnaíocht Normannach
Síneann stair na Normannaigh ó 1169 go 1500 CE.
Ghlac siad seilbh ar bhailte a bhí ann cheana.
Bunaíodh bailte ar nós Cill Channigh i rith an tréimhse seo.
Thosnaigh lonnaíocht Normannach in oir-dheisceart na tíre. D’úsáid siad aibhneacha chun bogadh in-tíre. Lorg siad áiteanna le thalamh torthúil.
Thóg na Normannaigh caisleáin clocha, go minic ag pointí droichid.
Lonnaíocht Nua-aimseartha
Taispeáineann an léarscáil ceantair uirbeacha sa tír le daonra thar 15,000 (figúirí 2022).
Conaíonn agus oibríonn níos mó daoine i gceantair uirbeacha anois.
Toradh de seo ná ardú mór i bpraghas tithe sna gceantair uirbeacha seo.
Cuireann sé seo le sraoilleáil uirbeach, le daoine brúite chuig áiteanna lasmuigh na cathrach. Bíonn ar na daoine seo comaitéireacht fada a dhéanamh chun obair gach lá.
feidhmeanna lonnaíoch
Braitheann feidhmeanna lonnaíocht ar roinnt factóir. Tá suíomh an lonnaíocht tábhachtach, m.sh bíonn feidhm calafort acu siúd atá in aice an imeallbhord. Bhí feidhm cosaint, ar nós caisleán nó falla ag lonnaíocht Normannach in aghaidh ionsaí.
Factóir a mbíonn tionchar acu ar Suíomh agus Forbairt bailte
Bealaí Iompair
Pointí Droichid
Bealaí Iompair
Bóithre nó iarnród tabhachtach atá i gceist. Conaíonnn daoine congarach dóibh mar go bhfuil sé níos éasca taistil nó earraí a iompar. Forbraíonn trádáil ag na suíomhanna seo, rud a cuireann breis fás leis an lonnaíocht.
Pointí Droichid
Is éard atá i gceist le pointe droichid ná lonnaíocht in áit gur féidir abhainn a thrasnú. Forbraíonn siad na lárionad bealaí iompair nó ionaid trádála.
Craobh-bhailte:
Is sampla do craobh-bhaile é Sord. Tá sé lonnaithe 17km ó lár cathair BÁC. I 2022 bhí daonra timpeall 39,000 duine ann. Tá Sord lonnaithe i Fine Gall, i dtuaisceart Co. Áth Cliath. De réir an daonáireamh is e Sord an baile friothálach (feeder) is mó do BÁC. Bhí beagnach 8,000 duine nó 40% don 20,000 oibrí i Sord ag déanamh comaitéireacht ann.
Fás chathair Bhaile Átha Cliath
Is chathair phríomha é BÁC. Seo cathair ina bhfuil an daonra dhá oireadh níos mó ar a laghas ná an chéad chathair eile leis an daonra is mó.
Tá lonnaíochtaí uirbeach tar éis forbairt timpeall BÁC, mar a feictear ón léarscáil.
D’fhorbair an lonnaíocht seo toisc a bheith congarach le BÁC.
Toisc gur chathair phríomha é BÁC:
Tá raon deiseanna fostaíochta éagsúla ann. M.sh tá ceanncheathrú cuideachtaí ilnáisiúnta (MNCs) ar nós Google ann.
Tá rialtas na tíre, Dáil Éireann, suite ann.
Is suíomh é d’imeachtaí spóirt agus cultúrtha ar nós Cluichí Ceannais na hÉireann i bPáirc Uí Chrócaigh, mór taispeántas ealaíne i nGailearaí Náiúnta na hÉireann.
Tá bonneagar maith iompair ann – Bus Áth Cliath, an Luas agus an DART – ag nascadh an chathair le bailte uirbeacha mórthimpeall.
Bailte uirbeach neamhspleách
Is sampla é Cill Dara do bhaile uirbeach neamhspleách. Lonnaithe 60km ó lár na cathrach. I 2022 bhí daonra thart ar 8,600 i gCill Dara. As an 3,520 oibrí sa bhaile déanann 646 nó 18% comaitéireacht go BÁC.
Factóir a mbíonn tionchar acu ar suíomh BÁC
Draenáil
Airde agus Rílif
Airde agus Rílif
Mar a feictear ón gcéad sleamhnán eile, tá athraíonn airde i lár na cathrach (bánghorm go gorm) ó 3 m go 9 m thar leibheál na mara.
Sna bruachbailte mórthimpeall (bánghlas go glas) tá airde níos mó, idir 30.5 m go 60+ m thar leibheál na mara. Bíonn níos mó gaoth, báisteach agus teocht níos fuaire i mbailte nó bonneagar thar 200 m. Tá tógáil níos éasca in áiteanna níos ísle.
Draenáil
Ag am amháin bhí 60 aibhneacha ag sní ann. Thar ama, mar a d’fhás an chathair cludaíodh formhór dóibh. Chabhraigh na n-aibhneacha seo le tuilte a stopadh. San lá inniú déanann an Life, an Dothra agus an Tulcha an chathair a chosaint ó tuilte.