23) Fás cathair BÁC Flashcards
cad é Athrú Uirbeach
athrú a dhéanamh i dtalamhúsáid, saghas foirgnimh difriúla a bheith tógtha nó leathnú an gceantar uirbeach.
cad é uirbiú
Tugtar uirbiú ar fás ceantair uirbeacha ar nós bailte agus cathracha.
Méadú Nádúrtha Daonra Ard
De gnáth tarlaíonn meadú nádúrtha ar an daonra in áiteanna le an-chuid daoine fásta óga ann. Tá an meán aois is óige sa tír, 34, i Fine Gall i dtuaisceart BÁC.
Imirce
Lonnaíonn imircigh i gceantair uirbeacha go minic mar tá deiseanna fostaíochta, líonra maith iompar agus pobal ó a gceantar féin ann cheanna.
Talamhúsáid lastigh den cathair
Má atá níos mó feidhmeanna nó seirbhisí ar fáil i lonnaíocht eiríonn sé níos tarraingteach mar áit cónaithe
Cás Staidéar: Athrú i bhfeidhmeanna BÁC thar ama
Cosaint
cosaint ceann do na chéad feidhmeanna i mBÁC. Tháinig na Lochlannaigh i 841CE. Thóg siad caisleán in aice Abhainn an Phoitéil, craobhabhainn an Life. Chosain an chaisleán iad ó ionsaí.
Chuir na Normannaigh falla timpeall an chathair 300 bl. níos déanaí. Theastaigh ó daoine conaí i nó congarach le cathracha ina raibh cosaint ar fáil ann.
Cás Staidéar: Athrú i bhfeidhmeanna BÁC thar ama
Calafort
Fadó bhí calafort Áth Cliath lonnaithe níos faide intíre ar an Life, congarach le hArdeaglais Theampaill Chríost.
I rith an tréimhse Lochlannach agus Normannach d’fhás an méid tradáil idir BÁC agus Sasana agus an Eoraip.
Luath sa 19ú céad bhí na dúgaí tabhachtach mar foinse oibre. Chónaigh oibrithe sa chathair
Cás Staidéar: Athrú i bhfeidhmeanna BÁC thar ama
Iompar
chéad line iarnród in Éirinn i 1834. Chuaigh sé ó BÁC (Rae an Iarthair) go Bhaile an Rí (Dún Laoghaire) agus bhí 9 stáisiúin ann.
Thaistil na mílte paisnéirí air go laethúil. B’a seo an chéad iarnród comatéireachta riamh.
Chabhraigh an line iarnród le fás
na cathrach ó dheas, ag cruthú bruachbailte nua agus ag méadú an
daonra.
Cás Staidéar: Athrú i bhfeidhmeanna BÁC thar ama
BÁC sa lá inniú
Tá feidhmeanna nua-aimseartha le fáil i lár na cathrach, áit atá an-chuid oifigí móra go háirithe an Lárionad Seirbhisí Airgeadais Idirnáisiúnta (IFSC).
Tá spás in eastáit tionsclaíochta timpeall na cathrach le haghaidh raon gníomhaíochtaí eacnamaíochta.
Tá gnóthaí míondíola, meáin digiteacha agus ceannceathrú CIDanna (MNCs) lonnaithe sa chathair.
Bhrúigh sé seo lonnaíocht i dtreo an iarthar le forbairt bruachbailte ar nós Tamhlacht agus Sord.
Sraoilleáil Uirbeach
Leathnú amach tapaidh ar forbairt uirbeach (ar nós tithe agus ionaid siopadóireachta) ar thalamh tuaithe timpeall na cathrach.
Tharla sraoilleáil uirbeach i mBÁC i rith an ‘Tíogar Ceilteach’Toisc an fás daonra bhí éileamh níos mó ar tithe agus seirbhisí sna bruachbailte. Thosnaigh an cathair ag fás amach dá bharr.
Tá iarmhairtí an sraoilleáil uirbeach le feiscint i lár na cathrach agus lasmuigh.
Iarmhairtí an Sraoilleáil Uirbeach
Cailltear talamh feirme luachmhar i dtuaisceart Áth Cliath do togáil foirgnimh.
Déantar bailte tuaithe ar nós Dún Droma a shlogadh agus cailleann siad a sainiúlacht.
Tá níos mó daoine ina gconaí lasmuigh den chathair, rud a mhéadaíonn an plódú tráchta. Freisin ní bhíonn mórán daoine sna bruachbailte seo i rith an lae, fad is atá daoine ag obair sa chathair.
Cás Staidéar: Iarmhairt an Sraoilleáil Uirbeach – Costas Tithe
Tá an easnamh do tithe ar phraghas réasúnta i mBÁC tar éis praghas tithe i gcraobh-bhailte timpeall BÁC a mhéadú leis. M.sh Maigh Nuad, Co. Cill Dara
Meath Uirbeach
Tarlaíonn sé seo i gceantar lár-cathrach nuair a thagann meath ar chuid den chathair a bhí gníomhach agus ina raibh daonra mór ann fadó.
Is fadhb é i roinnt mhaith cathracha, BÁC san áireamh. Tarlaíonn sé nuair a bhogann daoine amach go dtí na bruachbailte. Laghdaíonn gníomhaíocht eacnamaíochta sa cheantair agus ardaíonnn dífhostaíocht. Is féidir droch-chaoi a bheith ar an gceantar
Cás Staidéar: Meath uirbeach i lárchathair BÁC 1960–1990
D’fhás daonra lárchathair BÁC go tapaidh idir 1961 agus 1981.
Bhí gá le forbairt uirbeach agus róphlodú sa lárchathair a laghdú.
Thosnaigh meath uirbeach sa lárchathair.
Forbairt tionsclaíochta Cúiseanna
gá le spás agus talamh ó tionscail agus monarchanna chun forbairt a dhéanamh.
Forbairt tionsclaíochta iarmhartaí
monarchanna thréigthe agus tháinig meathlú orthu.
Tionscadal athchóiríochta cuiseanna
rialtas tithe nua do dhaoine ó slumaí an lárchathair ar imeall na cathrach.
tionscadal athchóiríochta iarmhartaí
Chuaigh tithe ann in olcas. Is minic a dhéanadh loitméireacht orthu.
Plódú tráchta cúiseanna
Bhí breis trácht sna ceantar seo. Ní raibh na háiteanna seo tarraingteach toisc an plodú tráchta.
Plódú tráchta iarmhartaí
Dhún scoileanna agus gnóthaí toisc an íslú sa daonra.
Meath Uirbeach i lárchathair BÁC le déanaí
I rith an Tíogar Ceilteach déanadh athfhorbairt ar an lárchathair. Cuireadh feabhas ar roinnt áiteanna ach i 2008 tharla deireadh tobann leis an Tíogar Ceilteach. Bhí roinnt iarmhairtí do seo:
Bhí cúlú eacnamaíochta in Éirinn (bhí meath ar an ngeilleagar ar feadh tréimhse).
Bhí tionchar aige seo ar an lárchathair. Bhí níos lú airgead le caitheamh ag daoine, rud a d’ísligh an brábús do siopaí sa lárchathair.
Ní raibh úinéirí na siopaí in ann an cíos costasach sa cheantar lárcathrach a n-íoc a thuilleadh.
Bhí na foirgnimh seo tréighte ar feadh tréimhse. Dhún roinnt do na siopaí seo go deo i ndiaidh dianghlasáil Covid-19 i 2020 agus 2021.
Athfhorbairt Uirbeach agus Athnuachan Uirbeach
Réitigh is ea iad seo don meath uirbeach.
Athfhorbairt Uirbeach nuair a leagtar foirgnimh agus tithe thréighte.
Cuirtear áiteanna cónaithe eile ar fáil do mhuintir na háite. Déantar úsáid talún a athrú, m.sh oifigí agus aonaid mhiondíola.
Déanadh athfhorbairt ar an talamh in aice Stáisiúin Uí Chonghaile chun an IFSC a chruthú.
Athnuachan Uirbeach = athchorú foirgnimh nó tógtar cinn nua in áit. Fanann an feidhm mar a bhí cheanna.
Féabhsaítear seirbhísí agus áiseanna ar nós siopaí agus scoileanna. Déanta an líonra iompair poiblí a fheabhsú leis. Déantar iarracht an pobal sa cheantar a choimeád ann.
Rinneadh athnuachan ar cheantar mór i gcathair BÁC sna 1990idí.
Tá nasc idir an athnuachan agus athfhorbairt uirbeach agus athrú daonra. Nuair a fhágann daoine an lárchathair is feidir athfhorbairt a dheanamh ar sean fhoirgnimh, ag athrú feidhme ó cónaithe go tráchtáil.
Spreagtar athnuachan uirbeach nuair a theastaíonn ó dhaoine fanacht ina gceantar dúchais féin. Cuireann sé seo brú ar an rialtas áitiúl foirgnimh agus áiseanna a fheabhsú don phobal.
Cás Staidéar: Athfhorbairt agus Athnuachan Uirbeach i Margadh na Féirme (Smithfield)
Tá Margadh na Feirme i dtuaiseart lárchathair BÁC. Tráth b’a é ceann do na háiteanna is boichte sa chathair, le fadhbanna meath uirbeach.Déanadh an chuid forbairt ó thaobh tithíocht agus tráctála de. Anois is é ceann do na háiteanna is mór le rá sa chathair.
Bailte Nua
Is réiteach iad bailte nua don sraoilleáil uirbeach. Tógtar bailte nua ar imeall na cathrach. Tugann na bailte pleanálta seo tithe, seirbhisí agus fostaíocht do na mílte dhaoine.