An Toghadh Scoláire Na Bliana Flashcards
Picture number 1
5
Ar scoil lá amháin, bhí na daltaí sa seomra ranga agys bhí múinteoir ag caint leo
Bhí toghchán ar siúl le Scoláire na Bliana a roghnú
Labhair an múinteoir leo faoi na tréithe a bheadh ag scoláire na bliana
Dúirt sí leo smaoineamh air
D’fhéadfadh gach duine vótáil ar son Scoláire na Bliana
Picture number 2
4
Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh na daltaí ag vótáil
Bhí bosca ag an múinteoir agus chuir na daltaí a vótaí sa bhosca
Bhí scuaine daltaí ann
Bhí vóta amháin ag gach dalta
Picture number 3
5
Tar éis cúpla uair an chloig, tháinig deireadh leis an vótáil
Chuaigh an múinteoir go dtí an oifig ghinearálta leis an mbosca
Rinne sí féin agus an príomhoide comhaireamh ar na vótaí
Bhí go leor vótaí ar an mbord
Is léir gur vótáil a lán daltaí
Picture number 4
5
Nuair a bhí an toradh acu, chuaigh an príomhoide agus beirt mhúinteoirí ar an stáitse i halla na scoile
Bhí corn in aice leo - an duais do scoláire na bliana
Bhí an halla plódaithe le daltaí
Bhí gach duine ar bís ag fanacht le toradh an toghcháin
Bhí an teannas le mothú sa halla, agus na daltaí ag fanacht le cloisteáil cé a bhuaigh
Picture number 5
4
D’fhógair an príomhoide an buaiteoir
Bhuaigh Sandra Ní Cheallaigh an gradam Scoláire na Bliana
Bhí na daltaí an-sasta mar ba chailín deas, cairdiúil, ionraic acus díograiseach í Sandra
Thug siad ar fad bualadh bos mór di
Picture number 6
6
Rinne Sandra a bealach suas go dtí an t-ardán
Bhronn an príómhoide an corn uirthí
Bhí iontas ar Sandra
Dúirt an príomhoide go raibh sé tuillte go maith aici mar gur thaitin sí go mór le gach duine, idir mhúinteoirí agus daltaí
Rinne sé comhghairdeas léi
Is léir go raibh ardmheas ag na múinteoirí agus ag na daltaí uirthi
Question for picture 1
Cad a bhí scriofa ar an gclár dubh?
Question for picture 2
Cén fáth a raibh na daltaí i scuaine?
Question for picture 3
Cá raibh siad?
Question for picture 4
Cé mhéad múinteoir a bhí ar an stáitse?
Question for picture 5
Cé a bhuaigh an gradam?
Question for picture 6
Cén sórt duine í Sandra