Ah Ghaeilge Flashcards
Picture number 1
4
Bhí beirt bhuachaillí - Seán agus Liam sa bhaile mór
Chonaic siad fógra i nGaeilge i siopa ceoil
Bhí áthas orthu an Ghaeilge a fheiceáil
Bhí cláirseach, banjo, bodhran agus dhá bhosca ceoil san fhuinneog
Picture number 2
5
Sa bhaile arís, chuaigh siad ar an idirlíon agus d’oscail siad suíomh Facebook
Chonaic siad fógra ann
Bhí turas ar fáil go dtí an Ghaeltacht
Bhí siad thar a bheith sásta dul ann,
Spreag siad cairde eile le dul chomh maith
Picture number 3
5
Chuaigh siad chun na Gaeltachta
Rinne siad damhsa Gaelach ag na céilithe
D’imir siad eitpheil ar an trá
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch
Rinne siad cairde nua, agus ba trí Ghaeilge a rinne siad gach rud
Picture number 4
Ar ais ar scoil, lean siad le cur chun cinn na Gaeilge
Chuir siad tús le ciorcal comhrá i nGaeilge ag am lóin
Ghlac go leor daltaí páirt ann
Chuir siad ar fad feabhas ar a gcuid Gaeilge
Picture number 5
5
D’eist Seán le Raidió na Gaeltachta
Ba dheacair dó é ar dtús, ach roimh i bhfad thuig sé gach rud
Shíl Seán agus Liam, go mb’fhiú féachaint ar TG4
Bhí cláir an-mhaithe ar Tg4
D’fhéach an bheirt acu ar an teilifís i nGaeilge le chéile
Picture number 6
5
Ag deireadh na bliana, bhronn an príomhoide duais ar na déagóirí
Dúirt sí go ndearna an bheirt acu a ndícheall leis an nGaeilge a neartú ar scoil
Thréaslaigh sí leo as a n-iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn
Thuig siad uilig go ndearna an bhliain an-mhaitheas dá dtuiscint ar an teanga
Bhí siad bródúil astu féin agus sásta leo féin
Question for picture one
Cén sórt siopa a bhí ann?
Question for picture two
Cén suíomh idirlíon ar a ndeachaigh siad?
Question for picture three
Luaigh imeacht amháin sa phictiúr
Question for picture four
Cad a bhí ar siúl ar scoil?
Question for picture five
Cad a rinne Ruaidhrí agus a chara
Question for picture six
Cad a bhronn an príomhoide ar na buachaillí