Hurlamaboc Flashcards
Lisín was sophisticated/very rich/perfect.
Bhí Lisín ardnósach, an-saibhir agus foirfe.
Lisín had blonde hair.
Gruaig fhionn a bhí ar Lisín.
She had two sons Ruán and Cúan ‘Cú’.
Bhí beirt mhac aici-Ruán agus Cú.
She loves fashion and to wear elegant clothes.
Is aoibhinn léi an faisean agus bhíodh éadaí galánta uirthi.
She wouldn’t go anywhere without her make-up on.
Ní théadh sí aon áit gan smideadh a bheith uirthi.
Lisín was ahead of all the women. She was more fashionable and neater than anyone else.
Bhí Lisín chun tosaigh ar na mná ar fad. Bhí sí níos faiseanta agus níos néata ná aon duine eile.
She was involved in a book club, a club that gave talks on local history, local geology and local literature.
Bhí baint aici le club leabhar, club a thugadh cainteanna ar stair áitiúil,ar gheolaíocht áitiúil agus ar litríocht áitiúil.
She went to talks about gardening and home decoration.
Théadh sí chuig cainteanna faoi gairdín agus mhaisiú tí.
She went to language classes in Spanish, Russian, Chinese and Japanese.
Théadh sí chuig ranganna teanga sa Spáinnis, sa Rúisis, sa tSínis agus sa tSeapáinis.
She was involved in clubs that helped the poor.
Bhí baint aici le clubanna a thugadh cabhair do na daoine bochta.
She liked movies and plays.
Thaitin scannáin agus drámaí léi.
Lisín wanted to impress the neighbours.
Theastaigh ó Lisín dul i bhfeidhm ar na comharsana.
Lisín was an excellent housewife.
Bean tí den scoth a bhí i Lisín.
She worked hard on the preparations for the party.
D’oibrigh sí go dian ar na hullmhúcháin don chóisir.
She encouraged Ruán all the time but he still felt insignificant because of her.
Spreagadh sí Ruán an t-am ar fad ach fós bhraitheadh sé lagbhríoch mar gheall uirthi.
She shaped Paul from a precocious young man to a rich and confident man.
Mhúnlaigh sí Pól ó ógfhear anabaí go fear saibhir muiníneach.
She was proud of the life she and Paul had achieved.
Bhí sí bródúil as an gcaithréim a bhí bainte amach aici agus ag Pól.
Lisín and Pól celebrating twenty years of marriage.
Lisín agus Pól ag ceiliúradh fiche bliain a bpósta.
Lisín organized the party.
D’eagraigh Lisín an chóisir.
She ordered glasses and wine.
D’ordaigh sí gloiní agus fíon.
The freezer was full of pies, sausages and salmon.
Bhí an reoiteoir lán le pióga, hispíní agus bradán.
Handmade bread was available.
Bhí arán lámhdhéanta ar fáil.
There was new paint on the walls and the floors were polished.
Bhí péint nua ar na ballaí agus bhí snas ar na hurláir.
There were flowers in the jars.
Bhí bláthanna sna prócaí.
Lisín rented another freezer and it was full of food (savory or sweet).
Fuair Lisín reoiteoir eile ar cíos agus bhí sé lán le bia (blasta nó milis).
If the weather is nice, the party will be outside in the garden and Lisín will borrow tables and chairs from the neighbours.
Má bhíonn an aimsir go deas, beidh an chóisir amuigh sa ghairdín agus gheobhaidh Lisín boird agus cathaoireacha ar iasacht ó na comharsana.
If it is raining, they will go inside the house and because it is a big house there will be room for everyone.
Má bhíonn sé ag cur báistí, rachaidh siad isteach sa teach agus toisc gur teach mór é beidh spás ann do gach duine.
They were sophisticated and handsome.
Bhí siad ardnósach. Bhí siad dathúil.
They were fashionable.
Bhí siad faiseanta.
All the mothers had blonde hair. No woman had gray hair.
Gruaig fhionn a bhí ar na máithreacha go léir. Ní raibh gruaig liath ar bhean ar bith.
They liked the fashion and elegant clothes.
Thaitin an faisean and éadaí galánta leo.
They wouldn’t go anywhere without a make-up on them.
Ní théadh siad aon áit gan smideadh orthu.
There was one woman with black hair on the road, Eibhlín, the mother of Emma Ní Loingsigh and the neighbors thought she was kind of strange.
Bhí bean amháin le gruaig dhubh ar an mbóthar, Eibhlín, máthair Emma Ní Loingsigh agus cheap na comharsana go raibh sí saghas aisteach.
When the women used to take out the bins, they wore nice night dresses and neat hair.
Nuair a bhíodh na mná ag cur amach na mboscaí bruscair, bhíodh gúnaí oíche deasa orthu agus gruaig néata.
Lisín was more fashionable and neater than anyone else.
Bhí Lisín níos faiseanta and níos néata ná aon duine eile.