a20. Samhradh Iontach Flashcards
It’s Friday and school is finished for the summer. It’s a lovely sunny day.
Aoine amháin atá ann agus tá an scoil críochnaithe don samhradh. Lá breá grianmhar atá ann.
Meadhbh and Clíodhna are talking in front of the church.
Tá Meadhbh agus Clíodhna ag caint os comhair an tseipéil.
Meadhbh is hoping that they will have a great summer.
Tá súil ag Meadhbh go mbeidh samhradh den scoth acu.
Clíodhna agrees and says that they have a lot to discuss about their plans for the summer.
Aontaíonn Clíodhna leí agus deir sí go bhfuil a lán le plé acu faoina bpleananna don samhradh.
In picture 2, the girls can be seen in the manager’s office in the local hotel.
I bpictiúr a dó, feictear na cailíní in oifig bhainisteoir an óstáin san óstán áitiúil.
They’re in the middle of an interview with the manager about a month-long job in order to earn some money for the rest of the summer.
Tá siad i mbun agallaimh leis an mbainisteoir faoi phost a fháil san ostán ar feadh míosa chun píosa airgid a thuilleadh don chuid eile den samhradh.
It’s clear they got the job because the girls are then seen cleaning one of the rooms.
Is léir go bhfuair siad an post mar feictear na cailíní ansin ag glanadh ceann de na seomraí.
Meadhbh says that they’re lucky to have the job while she hoovers.
Deir Meadhbh go bhfuil an t-ádh leo go bhfuil an post acu, fad is atá sí ag folúsghlanadh.
When the girls have enough money, they book a holiday to Rome.
Nuair atá dóthain airgid ag na cailín, cuireann siad saoire go dtí an Róimh in áirithe.
We see them in front of the Colosseum. The weather is beautiful.
Feicimid iad ós comhair an Cholasaeim. Tá an aimsir gan sárú.
Its clear that the girls have done a bit of shopping because they have a few shopping bags in their hands.
Is follas go bhfuil píosa siopadóireachta déanta ag na cailíní mar go bhfuil cúpla malaí siopadóireachta ina lámha acu.
Clíodhna thinks its a gorgeous city.
Ceapann Clíodhna gur cathair ghleoite í.
After Rome, the girls return home.
I ndiaidh na Róimhe, filleann na cailíní ar ais abhaile.
The two of them are on the local football team. They practice twice a week and finally, they have the final.
Tá an bheirt acu ar an bhfoireann peile áitiúil. Bíonn siad ag cleachtadh dhá uair in aighaidh na seachtaine agus faoi dheireadh, tá an cluiche ceannais acu.
The girls win and they are delighted.
Faigheann na cáilíní an bua agus tá gliondar an domhain orthu.
To celebrate the win, they go to the cinema to watch a film and to eat popcorn.
Chun céiliúradh a dhéanamh ar an mbua, téann siad go dtí an phictiúrlann chun scannán a fheiscint agus grán rósta a ithe.
In picture 5, we see the girls work on the behalf of the charity St. Vincent de Paul. It’s voluntary work, helping poor and homeless people.
I bpictiúir a cúig, feicimid na cailíní ag obair ar son na carthanachta Naomh Uinseann de Pól. Obair dheonach atá ann, ag camhrú le daoine bochta agus daoine gan dídean.
Meadhbh gives clothes and food to one old woman who’s sitting on a doorstep.
Tugann Meadhbh éadaí agus bia do sheanbhean bhocht amháin atá ina suí ar leac dorais.
She is very grateful for the help.
Tá sí an-bhuíoch as ucht na cabhrach.
In the last picture, the end of the summer has come.
Sa phictiúir deireanach, tá deireadh an tsamhraidh tagtha.
Meadhbh says that it was the best summer that they ever had.
Deir Meadhbh gurb é an samhradh ab fhearr a bhí acu riamh.
Clíodhna agrees and she says she is looking forward to next year.
Aontaíonn Clíodhna léi agus deir sí go bhfuil ag siúl go mór leis an mbliain seo chugainn.
It was a brilliant summer, full of new experiences and things.
Samhradh don scoth a bhí ann, lán le heachtraí agus rudaí nua.
Where are the girls in picture 1?
Cá bhfuil na cailíní i bpiciúir a haon?
What are the girls eating in picture 4?
Cad ata á ithe ag na cailíní i bpictiúir a ceathair?
What does Meadbh think about the summer just gone?
Cad a cheapann Meadhbh faoin an samhradh atá thart?
Plans
Pleananna
Manager
Bainisteoir
Interview
Agallamh
Job
Post
To reserve / To book
Cur in áirithe
Delight
Gliondar
Cinema
Pictiúrlann
Popcorn
Grán rósta
Old woman
Seanbhean
Charity
Carthanacht
Hoovering
Ag folúsghlanadh
Looking forward to
Ag súil le…
Practising
Ag cleachtadh