9. Breoite ar Scoil Flashcards
In this photo, Síle is enjoying a night at the disco with her friends and we see them singing and dancing together.
Sa phictiúr seo, tá Síle ag baint taitnimh as oíche ag an dioscó lena cairde agus feicimid iad ag canadh agus ag damhsa le chéile.
They haven’t a care in the world!
Níl cíos, cás nó cathú orthu!
At the end of the night, Síle and Sinéad decide to go get chips and burgers as they’re starving.
Ag deireadh na oíche, socraíonn síle agus Sinéad dul chun sceallóga agus borgairí a fháil toisc go bhfuil siad stiúgtha leis an ocras.
At eight o’clock the following morning, Síle’s alarm rings and she turns it off.
Ag a hocht a chlog an mhaidin dár gcionn, buaileann clog aláraim Shíle agus múchann sí é.
She’s hardly able to move, she’s so weak.
Is ar éigean atá sí in ann bogadh, tá sí chomh lag sin.
She calls her mother, telling her she’s totally wrecked.
Glaonn sí ar a máthair, ag rá leí go bhfuil sí traochta amach is amach.
Its clear that Síle’s in a bad way but her mother has no pity for her and sends her to school.
Is léir go bhfuil Síle in umar na haimléise ach níl trua dá laghad ag a máthair di agus seolann sí ar scoil í.
She gets the bus at the gate pf the house and it’s teeming rain down on poor Síle.
Faigheann sí an bus ag geata an tí agus tá an bháisteach ag stealladh anuas ar Shíle bhocht.
We see Síle in geography class and she’s doing an important test.
Feicimid Síle sa rang tíreolaíochta agus tá scrúdú tábhachtach ar siúl aici.
She can’t concentrate on the test however, as she has a terrible headache and feels like throwing up.
Ní féidir leí díriú ar an scrúdú áfach toisc go bhfuil tinneas cinn uafásach chomh maith le fonn cur amach uirthi.
One cannot deny that she’s ina bad way!
Ní féidir a shéanadh go bhfuil sí i gcruachás ceart.
Síle asks for permission to leave from her teacher and he lets her out.
Iarrann Síle cead dul amach óna múinteoir agus ligeann sé amach í.
She goes directly to speak to the principle.
Téann sí díreach chun labhairt leis an bpríomhoide.
She tells her that she has a terrible pain in her stomach and that she feels really weak.
Insíonn sí di go bhfuil pian uafásach ina bolg aici agus go bhfuil sí fíor-lag.
The principle looks worried.
Tá cuma bhuartha ar an bpríomhoide.