Sraith Pic 4 Flashcards
Pictuir 1
Shuigh Sarah agus Ciarán síos os comhair an ríomháire.
Chuardaigh siad an t-idirlíon.
Chonaic siad go raibh ceolchoirm ar siúl sa staid Aviva i mBaile Átha Cliath agus bhí caoga euro ar na ticéid.
Shocraigh siad cárta creidmheasa Dhaid a úsáid chun íoc as na ticéid
Dúirt Sarah go raibh an cárta creidmheasa ar an matal agus go raibh an uimhir eolas aici.
Pictuir 2
Fuair Ciarán an cárta creidmheasa
Bhí an praghas ar an dá thicéad céad euro.
Bhí Sarah agus Ciarán neirbhíseach ag úsáid an chárta creidmheasa.
Chlóscríobh Ciarán uimhir an chárta.
Cheannaigh siad na ticéid don cheolchoirm.
Pictuir 3
D’fhreastail Sarah agus Ciarán ar an gceolchoirm.
Chan an banna ceoil go hiontach.
Bhí atmaisféar beomhar ann.
Bhí Sarah agus Ciarán ag canadh agus ag damhsa i rith na hoíche.
Ba cheolchoirm iontach í.
Pictuir 4
Cúpla lá ina dhiaidh sin tháinig an bille don chárta creidmheasa isteach.
Cheap Daid go raibh an bille an-ard.
Ansin chonaic Daid an dá thicéad ar an mbille don cheolchoirm agus bhí sé ar mire le Ciarán agus Sarah.
Níor chreid sé gur úsáid a pháistí a chárta creidmheasa gan chead.
Pictuir 5
D’inis Daid an scéal dá bhean chéile agus ní raibh sí sásta ar chor ar bith..
Thaispeáin Daid an bille a mhíniú.
Duirt Sarah go raibh an-bhrón orthu gur úsáid siad an cárta creidmheasa gan chead.
Cheap Ciarán go mbeadh sé ceart go leor an cárta a úsáid.
Bhí an-bhrón air gur úsáid sé an cárta creidmheasa.
Pictuir 6
Chun ceacht a mhúineadh do na déagóirí bhí orthu an seomra suí a ghlanadh ó bhun go barr.
D’fhan Mam agus Daid ag féachant orthu ag glanadh.
Bhí Sarah ag folúsghlanadh agus nigh Ciarán na fuinneoga.
Ba léir gur fhoghlaim siad ceacht an lá sin.
Questions
Cad a cheannaigh Sarah agus Ciarán?
Cá raibh an ceolchoirm ar siúl?
Cad a feic Daid ar an bille don chárta?