Sraith Pic 10 Flashcards
Pic 1
Lá amháin fuair Jim téacs óna chara Neasa
Dúirt sí go raibh a madra imithe agus bhí an-bhrón uirthi
Léigh Jim an téacs agus chuir sé glao uirthi
Bhí sé sásta cabhrú léi an madra a aimsiú
Thuig Jim go raibh sí i bponc
Pic 2
Tháinig Neasa chuig teach Jim go luath ina dhiaidh sin
Bhí sí trína chéile faoine madra agus rug sé barróg uirthi
Ansin, shuigh siad síos le cupán caoife
Mhínigh Neasa céard a tharla do Jojo
Shocraigh an bheirt acu ar phlean chun Jojo a fháil ar ais
Pic 3
Chuir Neasa glao ar An Raidió Pobail agus d’inis sí don láithreoir go raibh a madra ar iarraidh
Sheol Jim agus Neasa téacs chuig a gcairde go léir
Dúirt siad go raibh madra beag ar iarraidh agus go raibh dath dubh agus bán ar an madra
Chuir siad fógra ar a leathanach Facebook freisin
D’iarr siad ar a gcairde glao fóin a chur orthu má chonaic siad Jojo
Pic 4
Thosaigh Jim agus Neasa ag cuardach ar an tsráid
Ghlaoigh siad ar Jojo
Ní raibh sé le feiceáil in áit ar bith
Bhí líonrith ar Neasa mar cheap sí nach bhfeicfeadh sí Jojo arís
Tamaill ina dhiaidh sin, bhuail fón póca Neasa
Pic 5
Labhair fear léi agus dúirt sé léi go raibh Jojo aige
Bhí áthas an domhain uirthi mar bhí Jojo aimsithe
Dúirt sí go rachadh sí chun é a bhailiú láithreach bonn
D’inis sí an dea-nuacht do Jim agus rug sé barróg uirthi
Pic 6
Bhuail Neasa leis an bhfear a chuir glao fóin uirthi
D’inis an fear di gur aimsigh sé Jojo taobh amuigh den ionad siopadóireachta
Dúirt sé go raibh an-eagla ar Jojo agus ba léir go raibh sé caillte
D’inis Neasa an scéal ar fad dá thuismitheoirí faoi Jojo agus faoi na rudaí a rinne sí chun é a fháil ar ais
Bhí a máthair an-sásta gur aimsigh Neasa Jojo
Bhí Jojo ina baclainn aici
Questions
Céard a fuair Jim?
Cén dath a bhí ar an madra?
Cad ab ainm dó?