Sraith Pic 18 Flashcards
Pic 1
Bhí toghchán ar siúl sa rang do scoláire na bliana
Labhair an múinteoir leis na daltaí sa tionól
Bhí idir bhuachaillí agus chailíní ag éisteacht go géar leis an múinteoir
Mhínigh an múinteoir na tréithe ba chóir a bheith ag scoláire na bliana
D’iarr sí ar na daltaí smaoineamh sular chaith siad a gcuid vótaí
Pic 2
Seachtain ina dhiaidh sin chaith na daltaí a vótaí
Bhí bosca mór ag an múinteoir ag barr an ranga
Rinne na daltaí líne ordúil chun vótaí
Bhí “Vótaí anseo” scríofa ar an mbosca
Chuir na daltaí na vótaí isteach sa bhosca
Pic 3
Thóg an múinteoir an bosca ansin agus chuaigh sí chuig an ofigi ghinearálta
Chabraigh múinteoir eile leis an múinteoir an bosca a oscailt
Scaip siad na vótaí amach ar an deasc
Thosaigh an bheirt acu ag comhaireamh na vótaí ansin
Bhí fógraí ar an mballa agus bhí ríomhaire ar an deasc in aice leo
Pic 4
Ansin, bhailing na múinteoirí, an príomhoide agus na daltaí sa halla
Bhí gach duine ar bís ag feitheamh ar thoradh an toghcháin
Bhí corn mór don bhuaiteoir in aice leis an múinteoir ar an stáitse
Labhair an múinteoir i dtosach agus ansin ghlaoigh sé amach ainm scoláire na bliana
Pic 5
Ba í Sandra Ní Cheallaigh scoláire na bliana
Baineadh geit as Sandra nuair a chuala sí a hainm
Thug an slua bualadh bos mór di
Bhí áthas ar gach duine gur bhuaigh sí an gradam
Pic 6
Chuaigh Sandra suas ar an stáitse agus bronnadh an corn uirthi
Dúirt sí go raibh ionadh an domhain uirthi an gradam a bhuachan
Mhínigh an múinteoir go raibh an gradam tuillte aici
Ba léir gur dhalta den scoth í
Thaispeáin sí dea-shampla do na daltaí eile agus d’oibrigh sí go dian
Ba chailín cabhrach í freisin
Bhí an-áthas ar Sandra gur bhuaigh sí scoláire na bliana
Questions
Cár labhair an leasphríomhoide leis na daltaí?
Céard a bhí scríofa ar an mbosca?
Cá ndearna siad an comhaireamh?