Sraith Pic 11 Flashcards
Pic 1
Sheas an múinteoir os comhair an ranga agus labhair sé leis na daltaí faoi thuras scoile
Bhí buachaill amháin ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an Róimh agus bhí buachaill eile ag smaoineamh ar dhul ag sciáil um Nollag
Luaigh buachaill eile Páras
Dúirt an múinteroir go mbeadh sé an-chostasach dul thar lear
Bhí plean ag an múinteoir dul chuig campa eachtraíochta in Éirinn
Bhí na daltaí an-sásta leis an bplean sin
Pic 2
Shroich na daltaí Campa Eachtraíochta Chonamara
Thaistil beirt mhúinteoirí in éineacht leo
Bhí málaí droma acu
D’fhán na buachaillí i mbrú ar thaobh amháin den champa agus bhí na cailíní ag fanacht i mbrú ar an taobh eile den champa
Bhí an ceantar hlainn agus bhí an radharc tíre thar insint scéil
Pic 3
I rith na seachtaine ghlac na daltaí páirt in imeachtaí éagsúla
Chuaigh siad ag rothaíocht, ag bádóireacht, ag surfáil agus ag dreapadóireacht
Tugadh compás agus mapa dóibh agus chuaigh siad ag treodóireacht freisin
Chaith siad lá eile ag right sna sléibhte
Ba léir gur bhain siad an-taitneamh as na himeachtaí éagsúla a bhí ar siúl acu
Pic 4
I rith na seachtaine rinne na daltaí cúrsa rianadóireachta
Bhí orthu rith trí shléibhte Chonamara an lá sin
Thaitin an rianadóireacht go mór leo
Ansin lá eile bhí bac-chúrsa ar siúl acu
Bhain siad an-spraoi as
Pic 5
Gach tráthnóna bhuail na daltaí le chéile tar éis dinnéir sa seomra spraoi sa bhrú óige
Thug dalta amháin a ghiotár leis agus sheinn sé ceol dóibh
Chaith siad tamall ag caint agus ag comhrá faoi na himeachtaí éagsúla a bhíar siúl acu
Thaitin léitheoireacht le cailín amháin agus thug sí úrscéal suimiúil léi
Pic 6
Tar éis seachtaine, d’fhill na daltaí abhaile
Nuair a shroich siad an scoil bhí an príomhoide ann chun fáilte a chur rompu
Labhair na daltaí leis an bpríomhoide agus dúirt siad go raibh an turas ar fheabhas - níos fearr ná Páras
Bhí na daltaí tuirseach traochta ach ghabh siad buíochas leis na múinteroirí a thaistil leo
Questions
Cá raibh an campa?
Cén cúrsa a mhol sé dóibh?
Céard a cheap na daltaí den chúrsa?