Sraith Pic 15 Flashcards
Pic 1
Bhí na buachaillí i gceaintín na scoile.
Labhair siad faoin gcluiche idirnáisiúnta rugbaí idir An Fhrainc agus Éirinn
Bhí ticéid acu agus bhí siad ag dul go dtí Fhrainc
Cheap siad go raibh seans maith ag foireann na hÉireann an cluiche a bhuachan
Pic 2
Bhí plean ag na buachaillí freastal ar an gcluiche
Shroich siad aerfort Bhaile Átha Cliath go luath ar maidin agus bhí siad réidh don turas
Bhí málaí droma ar na buachaillí go léir agus bhí siad ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine
D’eitil siad go Páras na Fraince
Roimh an gcluiche thóg na buachaillí bus turasóireachta timpeall na cathrach
Chonaic siad na radhairc stairiúla
Pic 3
Ina dhiaidh sin thug na buachaillí cuairt ar an Arc de Triomphe
Cheap siad go raibh sé dochreidte
Ba léir go raibh na buachaillí ag baint taitnimh as an turas timpeall na cathrach
Ansin chuaigh siad go shipa rugbaí
Cheannaigh siad liathróid rugbaí agus bhí bróga rugbaí agus geansaithe rugbaí ar díol sa siopa freisin
Pic 4
Chuaigh siad go dtí an Stade de France
Bhí an cluiche an-chorraitheach agus bhí sé ar fheabhas
Ba léir go raibh gach duine ar bís
Ní raibh ach tríphointe ag foireann na hÉireann agus bhí dhá phointe dhéag ag foireann na Fraince
Pic 5
Sa dara leath throid foireann na hÉireann go cróga agus thosaigh siad ag teach suas
Scóráil foireann na hÉireann úd agus bhí a gcroí ina mbéal ag na buachaillí
Ba chluiche iontach é agus ba léir go raibh foireann na hÉireann ag cur brú ar na Francaigh
Ansin fuair imreoir Eireannach preabchúl iontach
Pic 6
Ag deireadh an chluiche, buaigh an foireann na hÉireann
An scór deireanach a bhí ann ná Éire pointe is fiche agus an Fhrainc cúig phointe dhéag
Bhí áthas an domhain ar an buachaillí go raibh siad ag an gcluiche
Cheap siad gur lá stairiúil a bhí ann
Beidh cuimhne acu go deo air gan dabht ar bith!
Questions
Cá raibh Peadar agus a chairde ar dtús?
Cad faoi a raibh siad ag caint?
Cár eitil siad?