Géibheann Flashcards

1
Q

Téama

A
  • Is é an grá bheith saor - téama an dáin seo.
  • Trí íomhá an leoin sna teochreasa, déanann an file plé ar áilleacht, meas, fuinneamh, cumhacht agus saoirse.
  • Sa dara véarsa áfach, agus rí na n-ainmhithe i ngéibheann sa sú, cuireann an file easpa fuinnimh, ísle brí, uaigneas agus daoirse in iúl don léitheoir.
  • Is dán fáthchiallach é an dán seo.
  • Braitheann Caitlín Maude comhbhá leis an ainmhí atá faoi ghlas.
  • B’fhéidir go mothaíonn sí srianta sa saol mar bhean agus mar fhile.
  • Ach ceapaim féin go dtéann an dán seo níos doimhne arís.
  • Buaileadh an file tinn le hailse, agus ceapaim féin nach leon atá i gceist aici ar chor ar bith, ach í féin san ospidéal.
  • Tá sí ag smaoineamh ar an am a bhí sí láidir agus i mbarr a sláinte.
  • Bhí a guth cumhachtach agus bhí meas ag daoine uirthi.
  • Anois áfach, cosúil leis an leon bocht gruama, tá sí ina luí go lag san ospidéal, agus tá trua ag na daoine uirthi.
  • Tagann an-chuid daoine ar cuairt chuici gach lá, ach níl siad ábalta í a leigheas óna tinneas nó í a scaoileadh saor.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Ábhar

A

• Is ionann an file agus an t-ainmhí fiáin.
•Tamall ó shin, bhíodh sí ábalta na crainn a chroitheadh lena glór amháin.
•Bhíodh sí álainn, láidir agus cumhachtach.
•Tugadh meas di agus bhí sí bródúil aisti féin.
• Ach anois is príosúnach í.
•Tá sí stoite óna seansaol fiúntach.
•Tá a corp leath-mharbh ach tá a intinn agus a cuimhní go fóill ag obair.
•Mothaíonn sí lag agus gan mhaith anois.
•Cé go dtagann na sluaite lena feiceáil gach lá,
tá brón, cumha agus uaigneas uirthi.
•Níl duine ar bith ábalta í a shaoradh óna géibheann cruálach.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Íomhánna

A

Sa chéad íomhá, feicim rí na n-ainmhithe, agus é fiáin, bródúil agus láidir. Tá cead a chinn aige sna teochreasa agus níl sé teoranta ar chor ar bith.
•Sa dara íomhá, feicim cumhacht agus láidreacht an leoin agus é ag búiríl san fhoraois.Bhí guth láidir aige agus bhíodh meas ag na hainmhithe eile san fhiantás air.
•Tá an tríú agus an cheathrú íomhá go mór i gcodarsnacht leis na híomhánna sa chéad leath den dán áfach.
•Le súile m’intinne, feicim an t-ainmhí bocht ina luí i spás teoranta sa sú. Tá sé leath ina chodladh. Tá lagmhisneach, brón, tuirse agus b’fhéidir náire air. Tá sé ag féachaint ar chrann aonarach i spás teoranta an sú, agus is cuimhin leis na crainn go léir sna teochreasa. Tá a intinn trína chéile. Níl suim aige in aon rud. Níl sé ábalta a shúile a oscailt i gceart fiú.
•Feicimid mar léitheoirí codarsnacht uafásach idir an saol iontach a bhí aige fadó agus an saol leamh atá aige anois.
•San íomhá deireanach, feicimid coimhthíos agus uaigneas i measc an slua. Tá croí agus anam an leoin briste, agus is cuma cé mhéad duine a thagann ar cuairt chuige- tuigeann an leon nach mbeidh sé ábalta éalú ón daoirse go deo arís.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

Uaim + comhuaim

A

Úsáideann an file uaim agus comhuaim sa dán seo, mar shampla:

  • ainmhí allta
  • chroithfinn crainnte na coille
  • Gáir…tráth
  • Mé…scéimh

Cuireann na teicnící seo le fuaimeanna an dáin.

Cloisimid bród, beocht agus féin-thábhacht an leoin agus é ag oscailt a bhéal chun búiríl sna teochreasa leis na fuaimeanna ‘a.’
Feicimid cruas agus láidreacht an leoin leis na fuaimeanna ‘c.’

Cuireann an comhuaim le brón an dáin áfach.
Cloisimid crá-croí na fuaimeanna fada ‘á’ agus ‘é,’ nuair atá an leon ag machnamh ar an saol a bhíodh aige nuair a bhí sé láidir.
Spreagann na fuaimeanna seo trua ionainn mar leitheoirí

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

Mothúcháin

A
  • Tá frustrachas agus éadóchas sa dán seo.
  • Tá an leon stoite as a thimpeallacht nádúrtha.
  • Níl a ríocht faoina smacht aige níos mó.
  • Is beag a thábhacht mar ainmhí anois, mar tá sé i ngéibheann agus níl aon chumhacht aige.
  • Níl aon dóchas aige don todhchaí.
  • Tuigeann sé an droch-chás ina bhfuil sé agus aithníonn sé nach feidir leis éalú.
  • Mar an gcéanna, is cuimhin leis an bhfile an lá nuair a bhí sí féin saor…
  • … lá arbh fhéidir léi [lá ina raibh sí ábalta] meas a fháil lena glór.
  • Anois áfach, tá sí ina príosúnach, agus tá a croí agus a hanam briste, brúite, brónach.
  • Tá uaigneas, brón agus náire le sonrú sa dán seo freisin.
  • Cé go bhfuil an-chuid daoine ag teacht ar cuairt gach lá, níl an comhluadar ag teastáil ag an leon/ag an fhile.
  • Tá náire orthu as an staid uafásach ina bhfuil siad.
  • Bhí siad láidir uair amháin, ach anois, mothaíonn siad gan mhaith.
  • Ní féidir leis na cuairteoirí cuidiú leo.
  • Níl ach rud amháin ag teastáil ag an bhfile agus ag an leon, rud nach feidir le héinne a thabhairt dóibh…sé sin an tsaoirse.
  • Mar sin, tá ísle brí agus lagmhisneach le sonrú go láidir sa dán.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

Éifeacht

A

Is aoibhinn liom an dán seo mar is léir gur meafar é an t-ainmhí allta do dhuine ar bith a mhothaíonn go bhfuil sé ina chime ag an saol mór.

Is glao ar cúnamh é an dán seo.

Cuireann an file muid ag smaoineamh faoi na fadhbanna a fhulaingíonn daoine go ciúin ina saolta.

Cuireann Caitlín Maude tábhacht an saoirse in iúl dúinn go héifeachtach, idir saoirse fisiceach agus saoirse aigne araon

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
7
Q

Meadaracht

A
  • Níl córas meadarachta, rialacha nó patrún ag baint le leagan amach an dáin seo.
  • Baineann Caitlín Maude úsáid as saorvéarsaíocht, mar tugann an teicníc seo cead di saoirse iomlán a ghlacadh chun a smaointe a chur in iúl.
  • Baineann iaróin leis seo. Bhí saoirse iomlán aici agus í ag scríobh an dáin cé nach bhfuil aon saoirse eile aici ina saol ag an am sin.
  • Úsáideann sí uaim agus comhuaim in áiteanna síos tríd an dán.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
8
Q

Stíl an fhile

A
  • Tá an dán seo gonta ach domhain.
  • Is dán fáthchiallach é.
  • Beireann an dán seo ar chroí an léitheora mar tugann sé lón machnaimh dúinn.
  • Tá clú agus cáil ar Chaitlín Maude mar gheall ar ‘lyrical intensity’ a cuid oibre.
  • Ní haon eisceacht é an dán seo.
  • Cuireann sí a teachtaireacht in iúl dúinn trí mheafar cliste éifeachtach agus íomhánna láidre i mbeagán focail
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
9
Q

Caitlín Maude

A
  1. Rugadh Caitlín Maude i Ros Muc, Conamara sa bhliain 1941.
  2. Ba mhúinteoir scoile í.
  3. Bhí an-suim aici i gcónaí sa cheol agus sa drámaíocht.
  4. Bhí clú agus cáil uirthi mar amhránaí an sean-nós.
  5. Buaileadh Caitlín tinn le hailse, agus fuair sí bás sa bhliain 1982.
  6. Chum sí an dán Géibheann atá ar chúrsa na hArdteiste i mbliana.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly