Colscaradh Flashcards

1
Q

Scéal an Dáin (story of the poem)

A
  • Insíonn an dán seo scéal faoi bheirt a phós ach theip ar an gcleamhnas mar bhí difríochtaí eatarthu
  • Bhí rudaí difriúla ag teastáil ón mbeirt acu sa phósadh
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Bhí eisean ag iarraidh

A
  • Saol Simplí Traidisiúnta
  • Saol le páistí / Bean ag tabhairt aire do na páistí
  • Saol le grá
  • Saol le háthas
  • Bhí an pósadh níos tábhachtaí ná a bheith leis an mbean a phós sé.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Bhí sise ag iarraidh

A
  • Saol/Pósadh cothrom
  • Roghanna
  • Neamhspleáchas
  • Laethanta saoire
  • Meas
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

Téama an Dáin

A
  • Is í coimhlint téama an dáin seo. Feicimid coimhlint idir an lánúin sa dán seo mar bhí mianta difriúla ag an mbeirt acu.
  • Tugann an file léargas cuimsitheach ach diúltach dúinn ar an bpósadh. Nuair a phós an lánúin seo is dócha go raibh an-chion acu ar a chéile, áfach is amhlaidh nach raibh siad oiriúnach dá cheile ar chor ar bith.
  • Sa dán seo, feicimid go dtagann deacrachtaí agus constaicí leis an bpósadh. Bhí saol simplí traidisiúnta le clann ag teastáil ón bhfear ach ba mhaith leis an mbean neamhspleáchas agus stádas. Ar an drochuair, ní raibh an lánúin seo in ann teacht ar réiteach, níor éirigh leo na deacrachtaí a sharú. Mar sin, ní raibh an dara rogha acu ach chun scarúint, “scaradar”.
  • Tá an teachtaireacht rí-thábhachtach; tosaíonn gach caidreamh ag creimeadh mura mbíonn an lánúin ábalta teacht ar chomhréiteach
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

Íomhánna sa dán

A

Faighimid dhá phríomh-íomha sa dán, ceann amháin den fhear agus ceann eile den bhean. Tá an dán bunaithe ar an gcodarsnacht idir a mianta agus dearcaí seo.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

Íomhánna sa dán: an fear

A
  • Feicimid íomhá d’fhear traidisiúnta, seanfhaiseanta sa chéad véarsa.
  • Theastaigh pósadh traidisiúnta uaidh.
  • Ba mhaith leis a bheith ina chónaí ina cheantar dúchais.
  • Bhí sé ag tnúth go mór le saol pósta, leis a bhean chéile ag fanacht sa bhaile ag tabhairt aire do na páistí, ag déanamh oibre an tí.
  • Ba mhaith leis teach te teolaí lán de páistí sona.
  • Bhí sé ag lorg mná a bhí toilteanach, curamaí, agus in ann traidisúnta an tí a chomhlíonadh.
  • Is íomha traidisiúnta an íomha seo.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
7
Q

Íomhánna sa dán: an bhean

A
  • Faighimid íomhá sa dara véarsa de bhean le a mhalairt de dhearcadh óna fear.
  • Is mór an difríocht atá le feiceáil idir mianta na mná agus an fhir
  • Shamhlaigh sí go mbeadh siad ag comh-oibriú le chéile, ag dáileadh an údaráis eatarthu. Bhí pósadh nua-aimseartha ag teastáil uaithi.
  • Theastaigh neamhspleáchas agus cothrom na féinne uaithi ón bpósadh. Cheap sí go mbeadh tuairim aici i gcinnte an tí.
  • Tá a smaointe diríthe ar rudaí taobh amuigh den bhaile; mar shampla ábharachas agus laethanta “saoire thar lear”.
  • Bhí súil aici go mbeadh said rachmasach agus go mbeadh ainm in airde acu (high reputation) sa phobal, “meas na mílte”.
  • Is léir gur bean nua-aimseartha í an bhean seo.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
8
Q

Mothúcháin sa dán - brón agus díomá

A

Tá brón agus díomá le feiceáil sa dán seo. Tá atmaisféar brónach agus díomách ann. Bhí rudaí difriúla ag teastáil ón bhfear agus ón mbean. Bhí an fear ag iarraidh bean chéile a bheadh sa bhaile ag tabhairt aire do na páistí
“aiteas is greann
i dtógáil clainne”

Ba mhaith leis an mbean neamhspleáchas agus a bheith cothrom sa phósadh. Bhí sí ag iarraidh a roghanna féin a dhéanamh.
“taobh den bhríste…
is leath den chíste”

Tá brón agus díomá sa véarsa deireanach mar níor réitigh an lánúin le chéile agus bhí orthu scaradh óna chéile faoi dheireadh. Ní raibh an grá chomh láidir leis na mianta a bhí acu.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
9
Q

Meafair

A
  • Cuireann na meafair “nead a chine” agus “leac a thine” sa chéad véarsa mianta an fhir in iúl.
  • Tá atmaisféar tíriúil agus sona ag baint leo. Cuireann siad compord agus suaimhneas in iúl dúinn.
  • Ba mhaith leis an bhfear a chlann a thógáil ina áit dúchais.
  • Theastaigh ón bhfear filleadh tar éis lá oibre go dtí teach deas teolaí.
  • Tá na meafair “taobh den bhríste” agus “leath den chíste” le feiceáil sa dara véarsa.
  • Ba mhaith leis an mbean a bheith neamhspleách agus a bheith ábalta a roghanna féin a dhéanamh sa saol. Ba mhaith léi pósadh cothrom.
  • Tá a mianta dírithe uirthi féin. Tá saint agus leithleas intuigthe ón íomhá den bhean. Níl aon chaint faoi chlann ná faoin bhfear.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
10
Q

An file - Pádraig Mac Suibhne

A
  • Rugadh Pádraig Mac Suibhne in Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall sa bhliain 1942.
  • Chuaigh sé le sagartacht agus bhí sé ina ábhar sagairt i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad.
  • Bhain sé amach céim sa Ghaeilge agus sa stair in Ollscoil Mhaigh Nuad.
  • Chaith sé a shaol mar mhúinteoir iarbhunscoile agus mar phríomhoide.
  • Bhí baint mór aige le drámaíocht agus bhíodh sé ag aisteoireacht in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath.
  • Tá trí chnuasach filíochta i gcló aige: Taibhsí an Chreagáin (1976), Spaisteoireacht (1988) agus Solas Uaigneach (1992)
  • Pléann sé cúrsaí an tsaoil i slí an-shimplí ghreannmhar ina chuid litríochta.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
11
Q

Teideal an dáin

A

Is teideal simplí é Colscaradh. Ní ligeann sé aon amhras don léitheoir. Tá teachtaireacht an dáin soiléir ón teideal. Bhí mianta difriúla ag an bhfear agus ag an mbean agus ní raibh an lánúin ábalta na difríochtaí sin a socrú. Cad iad na mianta? Ní raibh ach réiteach amháin ar na fadhbanna - colscaradh.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly