An Gnáthrud Flashcards
Téama an Scéil
Baineann an scéal seo le foréigeann an tuaiscirt agus saol an teaghlaigh. Is fear mór clainne é Jimmy atá sona sásta lena bhean chéile. Níl a fhios againn cén fáth ar scaoileadh urchar le jimmy, ach b’fhéidir gur fhág teaghlach Caitliceach an teach a cheannaigh Jimmy agus Sarah. Seans gur Protastúnaigh iad, mar elizabeth agus margaret is ainm don chúpla. B’fhéidir gurbh é sin an « fáth » a scaoileadh urchar leis ag deireadh an scéil.
Carachtair an scéil : Jimmy
Ní fhaighimid amach mórán faoi shaol Jimmy, ach faighimid pictiúr maith ar an sórt duine atá ann. Is fear cineálta, ciallmhar, é jimmy agus tá grá mór aige dá bhean chéile agus dá pháistí. Nuair a bhí sé sa teach tábhairne, bhí sé ag smaoineamh ar a chlann agus ba mhaith leis an tráthnóna a chaitheamh leo. Feicimid gur duine deas, tuisceanach é. Shocraigh sé ar chuidiú lena chara Billy nuair a fuair sé amach go raibh sé i dtrioblóid ar an láthair tógála. Mhothaigh sé trua do Liz sa bhialann Shíneach freisin. Ní olann sé barraíocht agus oibríonn sé go crua don teaghlach.
Carachtair an scéil : Sarah
Is bean óg, álainn í Sarah agus máthair mhaith. Feicimid gur duine réasúnta í, mar lig sí dá fear céile dul amach ag ól agus í ag obair sa teach. Is bhean bhródúil í freisin, mar níor mhaith léi go sílfeadh cairde Jimmy go raibh a fear faoi shlat aici. Tá sí sásta lena saol agus tá teach breá, cluthar réidh aici dá clann/teaghlach óg.