An tEarrach Thiar Flashcards

1
Q

Cúlra an Dáin

A
  • Tá an dán suite in Inis Mór, Árann, ceann de na hoileáin i gcuan na Gaillimhe.
  • D’fhág an file Inis Mór sa bhliain 1928 agus 18 mbliana d’aois.
  • Chuaigh sé ag obair i nGaillimh agus ansin i mBaile Átha Cliath.
  • Bhraith sé uaidh saol siúin Árainn.
  • Léiríonn an file an saghas saoil a bhí ag muintir Árann le linn a óige…iad ag obair chun slí bheatha a bhaint amach.
  • Sa dán seo bíonn an file ag smaoineamh ar lá ciúin earraigh ar Inis Mór agus cad atá ag tarlú ann.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Príomhsmaointí an Dáin

A

Tugann Máirtín Ó Direáin cur síos taitneamhach ar ghnéithe éagsúla an oileáin dúinn sa dán seo.
• Osclaíonn an dán le híomhá d’fhear ag obair sa gharraí, ag glanadh cré dá spád tar éis tamaill a chaitheamh ag obair. Tá an lá go hálainn ciúin agus déanann an glanadh spáide fuaim thaitneamhach.
• I véarsa a dó tugann an file pictiúr dúinn d’fhear eile ag obair: an uair seo tá sé ag caitheamh ciseán feamainne dá dhroim. Deir sé go bhfuil an fheamainn ag lonrú faoin ngrian. Arís is íomhá álainn idéalach de mhuintir agus de shaol an oileáin é seo.
• Sa chéad véarsa eile cruthaíonn sé íomhá iontach de mhná an oileáin ag obair sna locháin ar lá breá te, an taoide tráite,a gcótaí craptha suas agus a scáilí le feiceáil san uisce …radharc eile atá draíochtach agus síochánta ar fad.
• Taispeánann an ceathrú radharc na hiascairí ag teacht abhaile tar éis lá a chaitheamh ag iascaireacht. Cloistear buillí lag na maidí rámha sa chiúnas. Díreach ag réiteach leis na híomhánna idéalacha eile sna véarsaí eile tá an bád lán le héisc, tá flúirse de gach rud ar an oileán agus san fharraige.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Téama an Dáin

A
  • Is é grá áite príomhthéama an dáin seo. I ngach ceann de na ceithre véarsa léiríonn Ó Direáin a ghrá d’Oileáin Árann.
  • Molann an file a áit dhúchais sna pictiúir éagsúla a chuireann sé os ár gcomhair sa dán.
  • Dathaíonn sé ceithre phictiúr tarraingteacha de shaol an oileáin…gnáthimeachtaí laethúla a fheicimid sna véarsaí, léirithe mar íomhánna áille lán le sonas agus le síocháin.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

Mothúcháin an Dáin

A
  • Is iad sonas, suaimhneas agus síocháin na mothúcháin is láidre sa dán.
  • Cruthaíonn sin atmaisféar ar leith. Ní chruthaíonn an file íomhánna de chruatan an tsaoil ach de shaol sona séimh a thugann pictiúr mealltach den oileán don léitheoir.
  • Grá : Is dán grá é seo mar taispeánann an file an grá atá aige dá áit dhúchais. Tá sé faoi gheasa ag áilleacht na háite. Ní fheiceann sé na rudaí diúltacha ar an oileán mar tá a chroí san áit. Tarraingíonn an file pictiúr rómánsúil grámhar de shaol na háite le linn an ama sin.
  • Ta bród agus aoibhneas an tsaoil le brath sa dán freisin.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

Fuaimeanna

A
  • Úsáideann Ó Direáin fuaimeanna a chuireann go mór le héifeacht an dáin.
  • Cloisimid na fuaimeanna go soiléir síos tríd an dán.
  • Tá ‘ciúnas séimh’ i réim sa chéad véarsa mar sin is féidir linn an fear a chloisint ‘ag glanadh cré’ ..saibhreas talún á bhaint ag muintir an oileáin ..iad á chothú ón talamh.
  • Tá na fuaimeanna seo ‘binn’ agus ‘toll’,- ní fuaimeanna iad a bhainfeadh de shíocháin na radharc. Níl san fhuaim bhinn a dhéantar agus an spáid á glanadh ach gné beag álainn a chuireann leis an radharc.
  • Cloisimid ‘toll-bhuillí fanna’ na maidí rámha i véarsa a ceathair ag teacht le saibhreas na farraige….anois cothú le fáil ón
  • bhfarraige. Tugann an fhuaim seo misneach agus ardú chroí do mhuintir an oileáin….tá bia agus airgead dóibh sna báid sin.
  • Fuaimeanna dearfacha a úsáideann Ó Direáin, fuaimeanna a léiríonn saol traidisiúnta, síochánta, simplí an oileáin.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

Atmaisféar

A
  • Mothaíonn an léitheoir séimhe agus sonas an tsaoil san oileán leis an atmaisféar a chruthaíonn an file sa dán seo. Cuireann sé in iúl saol glan sláintiúil álainn, saol le cultúr agus traidisiúin a d’fhan leis an chuid eile dá shaol. Léirigh sé díograis agus comhoibriú na ndaoine le ‘mná i locháin’ agus ‘currach lán d’éisc’..an pobal aontaithe le chéile chun maireachtáil.
  • Dar liom, éiríonn le Ó Direáin atmaisféar ar leith a chruthú ..atmaisféar a leiríonn dúinn cé chomh cumasach is a bhí an file seo.
  • Úsáideann an file friotal moltach mealltach agus tarraingíonn se pictiúr de neamh ar domhan dúinn. Smaoiníonn sé ar shaol simplí traidisiúnta, daoine agus dúlra i dtiúin lena chéile..maoithneach b’fhéidir ach draíochtiúil.
  • Is léiriú cumasach é gan dabht.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly