Cáca Milis Flashcards

1
Q

Téama

A

Mí úsáid
Cruálacht
Duine Gránna

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Téama an Gearr scannáin

A
  • Baineann an scannán le bean ghránna chrualach.
  • D’aon ghnó is í cuis le bás duine eile.
  • Tugann sí aire dá máthair atá sean agus éilitheach agus tá sí i ndeireadh na feide.
  • Nuair a bhuaileann sí le Paul, fear dáil cainteach a chuireann isteach ar a cuid pleananna do thuras ciúin léi féin.
  • Baineann sí mí-úsáid as a dhaille chun é a mharú.
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Na Caractair Paul

A
  • cainteach/cairdiúil
  • sona/saonta
  • bródúil
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

Na Caractair Paul - cainteach/cairdiúil

A

Is duine cairdiúil cainteach é Paul. Tá sé ag dul ar a laethanta saoire agus tá áthas air. Ón uair a thugann sé isteach sa traein ní stopann sé ag caint. Tosaíonn sé ag caint le Catherine faoina asma. Leanann sé ag caint faoina cháca milis agus faoi na radhairc taobh amuigh den fhuinneog. Níl aon olcas i Paul, baineann sé taitneamh as caint le daoine. Bíonn sé ag caint gan stad gan staonadh agus ní thuigeann sé go bhfuil sé ag cur isteach ar Catherine.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

Na Caractair Paul - sona/saonta

A

Is fear dall é Paul ach fós tá sé sona sásta ina shaol. Tá deacrachtaí aige ach ní ligean sé dóibh cur isteach air. Tá sé breá sásta ag dul ar a laethanta saoire agus ag caint le Catherine faoi gach rud.
Ach tá Paul saonta. Creideann sé go bhfuil maitheas i ngach duine. Tá muinín aige astu. Creideann sé Catherine nuair a luann sí an loch agus na báid agus nuair a deir sí gur ith sé péist. Freisin, creideann sé an báicéir nuair a deir sé go bhfuil na cailíní craiceáilte faoi. Níl a fhios aige go bhfuil daoine cruálacha ar domhain.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

Na Caractair Paul - Bródúil

A

Is fear bródúil é Paul. Tá sé bródúil as na rudaí beaga a dhéanann sé sa saol. Bhí sé ar an raidió uair amháin ag caint faoina chuid asma agus tá an-bhród air faoi sin. Is breá leis bheith ag caint faoi. Is cúis bróid é dó freisin go bhfuil a fhios aige céard atá taobh amuigh den fhuinneog; go bhfuil eolas an bhealaigh aige de ghlanmheabhair. Is cuma le daoine cosúil le Catherine faoi na rudaí beagthábhachtacha seo ach tá Paul breá sásta caint fúthu chomh minic agus is féidir leis.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
7
Q

Mothúcháin An Scéil

A
  • Uafás

- trua

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
8
Q

Na Caractair Catherine

A
  • cruálach/gránna
  • míshona
  • drochbhéasach
How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
9
Q

Na Caractair Catherine - cruálach/gránna

A

Is duine cruálach agus gránna í Catherine. Ní léiríonn sí trua ar bith do Paul. Ní dhéanann Paul aon rud uirthi ach suí os a comhair agus caint léi ach ba mhaith léi a leabhar a léamh agus cuireann Paul isteach ar sin. Insíonn sí breag dó go bhfuil loch agus báid taobh amuigh den fhuinneog. Bíonn Paul bocht trína chéile ach faigheann Catherine sásamh mailíseach as an dallamullóg a chur air. Cuireann an fear dall samhnaa uirthi agus é ag ithe a cháca milis. Cumann Catherine scéal nuair a bhfuil fhios aici go mbeidh taom asma eile aige. Deir sí go bhfuil péist sa cháca agus gur ith Paul píosa de. Nuair a bhuaileann taom asma air, ní chabhraíonn sí leis. Ba mheasa fós sciobann sí a análóir agus breathnaíonn sí ar ag streachailt chun anáil. Is í Catherine cúis le bás Paul agus ag deireadh an scannáin feicimid í ag fágáil an traenach gan áiféala.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
10
Q

Na Caractair Catherine - Míshona

A

Tá Catherine míshona lena saol. Tugann sí aire dá máthair atá sean agus éilitheach ach is léir dúinn go bhfuil sí tinn tuirseach de bheith á dhéanamh. Labhraíonn sí go mífhoighneach léi sa charr ag tús an scannáin. Tógann sí a cuid mífhoighne léi ar an traein. Níl sí sásta déileáil leis an bhfear dall, Paul. Ní chabhraíonn Catherine le Paul leis an gcaifé agus siúcra. Tuigimid go bhfuil sí bréan de dhaoine ag brath uirthi. Is fuath léi an brú agus an strus atá uirthi. Is maith le Catherine éalú isteach i ndomhan eile lena leabhar, grá, leis an bhfear dathúil Eric. Ba mhaith léi dearmad a dhéanamh ar an saol atá aici agus saol nua a shamhlú di féin. Cuireann Paul deireadh leis na pleananna sin, áfach, lena chaint leanúnach.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
11
Q

Na Caractair Catherine - Drochbhéasach

A

Is duine an-drochbhéasach í Catherine. Tá sí ag iarraidh a leabhar a léamh ach cuireann iompar Paul isteach ar sin. Déanann sí iarracht neamhaird a dhéanamh air seachas caitheamh go bhéasúil leis. Níl sí sásta comhrá a dhéanamh leis agus tugann sí freagraí borba dó. Ligeann sí osna mór aisti gach uair a chuireann Paul ceist uirthi agus is léir ón gcuma ar a haghaidh go bhfuil sé á crá. Tá sí i ndeireadh na feide ag tabhairt aire dá máthair sa bhaile agus níl fonn ar bith uirthi déileáil leis an stráinséar ar an traein freisin.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
12
Q

Mothúcháin an scéil : Uafás

A

Cuireann an scannán uafás orainn. Tá sé deacair a chreidiúint gur tharla an eachtra seo. Is duine deas cairdiúil é Paul ach ag deireadh an scannáin tá sé marbh toisc go bhfuil sé de mhí-ádh air bualadh le duine chomh gránna, cruálach le Catherine.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
13
Q

Mothúcháin an scéil : Trua

A

Tá trua againn do Paul. Duine deas ata ann agus ní dhéanann sé dochar d’aon duine. Cé go bhfuil sé faoi mhíchumas tá sé neamhspleách, cairdiúil agus sona. Tá athas air a bheith ag dul ar a chuid laethanta saoire agus mar sin tá trua againn dó go mbuaileann sé le bean chomh gránna le Catherine achuireann deireadh lena shaol.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly