POETRY: Mo Ghrá-sa Flashcards
Saol & saothar an file
Rugadh Nuala Ní Domhnaill i Lancashire, Sasana sa bhlian 1952. Bhí tuismitheoirí Eireannacha aici. Togadh í i ngaeltacht Ciarraí dá bharr. Nuair a chríochnaigh sí an
ardteist, d’fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus bhain sí céim amch san ealaín.
Is file cáiliúil í agus tá an-chuid cnuasach filíochta (collections of poetry) foilsithe (published)
aici, ina measc tá ‘Pharaoh’s Daughter’ agus ‘Cead Aighnis’. Oibríonn sí mar iriseoir agus
léitheoir nuachta le RTÉ chomh maith.
Príomhthéama an dáin
Gan aon agó (without a doubt) is é grá téama an dáin. Ach is dán grá
neamhgnáthach (unusual) é. D’fheadfá a rá (you could say) gur dán frith-ghrá é! Ar lámh
amháin tá an file ag magadh faoi na ‘hamhráin grá’ a bhí an-coitianta in Éireann sa seachtú
haois déag, agus an grá míréadúil (unrealistic) a bhí le feiscint iontu (in them). Ní dán
traidisiúnta, grámhar é seo. Déanann an file ceap magaidh (laughing stock) dá céile. Tosaíonn
sí le pictiúr diúltach (negative) agus leanann sí ar aghaidh sa slí céanna! Níl an file ag maíomh
(boasting) go bhfuil a leannán dathúil nó láidir, taitníonn léi an fhírinne lom (the bare truth) a
insint.
Áfach, ar an lámh eile, tugtar léargas (insight) rí-thábhachtach dúinn ar an ngrá; an saghas grá
a mhaireann (that exists) sa domhan réalaíoch (in the real world). I ndáiríre (seriously), tá
caidreamh iontach, grámhar aici lena leannán. Tá an gaol (relationship) sin bunaithe ar chomhmheas (mutual respect) agus chomhoibriú (cooperation). Tá a fhios ag an bhfile nach bhfuil a
grá foirfe (perfect). Ní chuireann a lochtanna agus a laigí isteach ná amach uirthi (his faults
and failings don’t bother her) mar is mionrudaí iad. Ní phictiúr ealaíonta (oil painting) é a
leannán, ach tá a phearsantacht (personality) i bhfad Éireann níos tábhactaí (much more
important). Is duine flaithiúil (generous), caoin agus cneasta é. Tugann sé riachtanais an tsaoil
(the necessities of life) di agus tá siad an-cheanúil ar a chéile (fond of each other). Sin sách
maith di (good enough for her).
Ceapaim go bhfuil an file ag aoradh (satirizing) dearcaidh na coitiantachta (the common view)
sa lá atá inniú, nuair a chuirtear an iomarca béime ar áilleacht sheachtrach (external beauty)
agus déantar faillí ar áilleacht inmheánach (internal beauty)
Importance of brackets
Sa dán seo, cuireann na luibíní in iúl (convey) go bhfuil grá aici dá fear, ach go bhfuil a fhios aici
nach bhfuil a grá foirfe (she knows it is not perfect love).
Tuigimid ón teideal nach gnáthdhán grá é an ceann seo mar gheall ar na lúibíní. Baineann an file
úsáid as na lúibíní tríd síos an dáin chun na hagúis atá aici a léiriú. Tá sé soiléir nach bhfuil gach duine foirfe
agus go bhfuil sí réalaíoch (realistic) faoin ngrá. Cuireann na lúibíní le greann agus éadroime an dáin, mar
shampla nuair a deir sí nách bhfuil a leannán “mar bhláth na n-airní”, agus ansin “(nó ar chrann ar bith)”.
Úsáideann sí iad chun a léiriú cad a cheapann sí mar gheall ar a leannán agus a ngaol.
Cuireann na lúibíní eile sa dán in iúl chomh hamaideach (idiotic) is atá a lán de na coinbhinsiúin
(conventional) a bhaineann leis an ngrá. Tá sí ag tabhairt fogha faoin mbéim (emphasis) sheafóideach a
cuireadh agus a chuirtear ar thréithe fisiciúla (physical traits). Leis na lúibíní, tá an file ag aoradh dearcaidh
(criticising the outlook) na coitiantachta sa lá atá inniú ann freisin a chuireann an-bhéim ar chuma fhoirfe
an duine seachas ar charachtar an duine. Déanann sí cur síos áiféiseach (ridiculous description) agus
magúil ar lochtanna an leannáin (the faults of the lover), mar shampla “tá ribí a ghruaige (mar bhean
dhubh Shakespeare)”. Tá sé soiléir (clear) go gcuireann na luibíní le greann agus go gcuireann siad béim ar
(puts emphasis on) an fíor-ghrá sa dán.
Cuireann an dá líne dheiridh sa dán in iúl na rudaí is tábhachtaí sa ghaol – an aire (attention) agus
an cúram (care) a thugann daoine dá chéile (to each other). Is léir mar sin nách duine dáthúil é an fear sa
bhealach nósmhar coitianta, ach feicimid idir lúibíní cad é fíor-thábhachtach (truly important), láíocht
(kindness) agus macántacht (honesty) : “Tugann sé dom úlla (is nuair a bhíonn sé i ndea-ghiúmar caora
finiúna)”.
áibhéil & greann
Is cinéal fronsa magaidh tipiciúil é an dán seo, ar bhealaí áirithe. Is cur síos scigmhagúil, áibhéalach atá ann ó thus deireadh. Is dán frithghrá é sa mhéad is go gcruthaíonn an file pictiúr d’fhear atá ina bhreallán mídhathúil. Díríonn sí a haird iomlán ar a cheannaithe fisicúla agus caitheann sí drochmheas orthu. “ní haon ghlaise cheolmhar iad a shuile (táid ró-chongarach dá chéile ar an gcéad dul síos)”.
Cuidíonn an áibhéil le cumhacht an mhagaidh agus na haoirse sa dán. Déantar an diúlach a aoradh ar bhealach géar, maslach, searbheasach is binibeach, calaoiseach ach greannmhar ag an am céanna.
Baintear úsáid éifeachtach as an ngreann ar an mbealach céanna. Ceapaim féin go bhfuil an véarsa faoi ghruaig dhréimreach, sreangach a ghrá ghil thar a bheith greannmhar is meidhreach, éadromchroíoch, go háirithe leis an tagairtí dímheasúla, magúla mioscasacha do bhean dhubh Shakespeare atá ann. Tugann sí áladh nó clabhta ar Shakespeare chomh maith sa véarsa. “is más slim é síoda tá ribí a ghrauige (mar bhean dhubh shakespeare ina wire deilgní)”
Agus tá críoch an dáin thar a bheith greannmhar, barrúileach dar liom, mar is ann a fhaighimid an teachtaireacht scigmhagúil is loime sa dán: is é gnó an fhir sa lá atá inniu ann ná na mná a choinneáil sona, sásta. Is cuma leis an bhfile faoi lochtanna corpartha, fisiciúla, a leannáin fad is a thugann sé dí na nithe nádúrtha atá uaithi. “úlla (is nuair a bhíonn sé i ndea-ghiúmhar caoara finiúna)”.