POETRY: Géibheann Flashcards

1
Q

Codarsnacht (contrast):

A

Tá codarsnacht láiidir le fáil sa dán. Baineann cumhacht agus spiorad láidir leis an ainmhí agus é saor agus baineann easpa cumhachta agus gruamacht leis agus é faoi smacht. Seasann an dá phictiúr den ainmhí, allta agus smachtaithe, mar scáthán ar an saol comhaimseartha. Tá daoine an lae inniu smachtaithe ag rialacha agus ag nósanna. Ba bhreá le daoine saoirse a bheith acu agus cead acu a roghanna pearsanta a dhéanamh.
Is léiriú an-chumasach an dán seo ar easpa fairsinge an tsaoil chomhaimseartha. Cruthaíonn an file codarsnacht idir suíomh an anmhí inniu agus inné, idir nádúrthacht agus mínádúrthacht an tsuímh, idir saoirse agus daoirse agus idir dínit agus easpa dínit
Nuair a bhí an t-ainmhí san áit ba dhual dó, saor sna teochreasa, bhí sé sláintiúil, bríomhar, fuinniúil agus láidir. Bhí dínit aige sa tsaoirse, bhí spás agus leithnw timpeall air. Bhí sé bródúil as a áilleacht. Inniu agus é i ngéibheann sa zú tá a spiorad ar fad briste. Níl aon rian den fhuinneamh ná den dínit fáftha. In ionad scanradh a chur ar ainmhithe eile caitheann sé a chuid laethanta anois ina luí, é leath ina chodladh, súil amháin oscailte ag breathnú ar an aon chrann amháin atá le feiceáil.
Ceapaim gur codarsnacht an-éifeachtach í an ceann seo, idir leithne agus saoirse na faraoise agus cúinge agus daoirse an zú. Toisc go bhfuil an t-ainmhí i ngéibheann in áit mhínádúrtha dó tá a spiorad agus a anam go hionlán scriosta.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Cúlra an fhile:

A

Rugadh Caitlín Maude i Ros Muc i gConamara sa bhliain 1941. D’oibrigh sí mar aisteoir, mar amhránaí, mar fhile agus mar ghníomhaí teanga (language activist). Áfach, d’fhulaing sí as ailse (cancer) agus gan aon agó, bhí tionchar mór ag a breoiteacht ar a cuid filíochta (her illness had a big influence on her poetry). Foilsíodh dhá bhailúcháin dá saothair (works) tar éis a báis; ‘Caitlín Maude: Dánta’ agus ‘Caitlín Maude: Dramaíocht agus Prós’. Cé go raibh a saol gearr, d’éirigh léi go leor rudaí a dhéanamh agus an-chuid dánta a chum (write).

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Téama:

A

I mo thuairim mhacánta, is é easpa saoirse nó ‘daoirse’ (oppression) an téama is tábhachtaí sa dán álainn seo. Tugann an file léargas (insight) dúinn ar shaol an ainmhí atá i ngéibheann (in captivity) sa zú. Braitheann sé mar phríosúnach, faoi smacht agus faoin ordóg (under the thumb). Níl sé i gceannas ar a shaol féin (in charge of his own life). Cuimhníonn sé (he remembers) an am nuair a bhí sé saor, cumhachtach agus fiáin (wild). Sna trópaicí, scanraigh sé na hainmhithe eile nuair a lig sé béic as in ard a chin is a ghutha (roared at the top of his voice).
Léiríonn an file an dochar (damage) a dhéannann easpa saoirse do spiorad an ainmhí. Tá a spiorad briste, níl aon neart nó fuinneamh (energy) fágtha aige. Tá sé éirithe as an saol (resigned from life). Ceapaim go bhfuil an file ag cáineadh (criticsing) fealsúnacht (philosophy) an zú. Dar léi (according to her) níl sé ceart nó cóir ainmhithe a thógáil óna dtimpeallacht nádurtha (natural environment), óna n-áit dhucháis (native land), mar bíonn siad in ísle brí (down in the dumps) sa zú. Is fuath leis an bhfile drochíde d’ainmhithe (cruelty to animals). Tá sé seo nochtaithe go gléineach sa dán (very vividly illustrated). Ach, ar an lámh eile, b’fhéidir gur dán fáthchiallach (allegorical) é seo agus go bhfuil an file ag caint fúithi féin. D’fhulaing an file as ailse agus bhí cuairteoirí sa teach an t-am ar fad agus mhothaigh sí srianta (confined) ina saol. Cosúil leis an ainmhí, bhí sí láidir, tráth (once), ach d’éirigh sí an-lag.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

Mothúcháin:

A

Tá go leor mothúcháin le brath sa dán seo; uaibhreas (pride), cumha (grief) agus féin-trua (self pity) san áireamh. Tosaíonn an dán le ráiteas (statement) díreach, simplí: “Ainmhí mé, ainmhí allta”. Tá an t-ainmhí ag éileamh (demanding) gur ainmhí fiáin é, agus go bhfuil uaisleacht agus dinít (dignity) ag baint leis. Tá sé suntasach go bhfuil na línte seo scríofa san aimsir láithreach. Cé go bhfuil sé i ngéibheann, tá an t-ainmhí fós (still) an-bhródúil as a áilleacht (beauty). Tá an bród athchurtha le (replaced with) féin trua sa dara leath. Féachann sé siar ar na blianta deasa sna trópaicí, agus ba mhian leis dul ar ais, dul abhaile. Tá cumha sa dán freisin agus éadóchas (despair).

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

Mar a chuaigh an dán i gcion ortsa:

A

Is sinne na daoine sin, agus tá an file ag rá linn gur chóir dúinn (we should) smaoineamh agus ceist a chur orainn féin, ar cheart go mbeadh ainmhithe allta i ngéibheann?
Baineann an file úsáid as friotal nádúrtha, simplí gonta (concise), caint na ndaoine. Tá sí ró-thuirseach chun poncaíocht a úsáid. Ta na línte éagothrom (uneven) agus neamhrialta chun an corráil inntine (mental state) a mhothaíonn an t-ainmhí a léiriú, agus chun a mhí-shuaimhneas lena shaol a chur in iúl. Cuireann sí
béim (emphasis) ar an bhfuaim “a” no “á” tríd síos. Leis na fuaimeanna (sounds) “s”, déanann sí an dán
níos ciúine (quieter). Tá a misneach (courage) caillte aice, níl bealach éalaithe (way out) ann. Tugann sí aird
ar an drochíde (bad treatment) d’ainmhithe tríd síos.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly