POETRY: Colscaradh Flashcards

1
Q

Cúlra an fhile:

A

Rugadh agus togadh an file, Pádraig Mac Shuibhne in Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall sa bhliain 1942. D’oibrigh se mar mhúinteoir agus, ina dhiaidh sin, mar phríomhoide. Tá spéis aige i gcúrsaí dramaíochta. I measc na saothar (works) atá foilsithe aige tá ‘Spaisteoireacht’ agus ‘Solas Uaighneach’.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Íomhánna:

A

Faighimid dhá príomh-íomha sa dán, ceann amháin den fhear agus ceann eile den bhean. Agus, ní haon ionadh é go bhfuil mianta agus dearcaí (outlooks) difriúla acu agus tá an dán bunaithe ar an gcodarscnacht (contrast) seo.
Ar an gcéad dul síos, is duine traidisiúnta, coimeádach agus seanfhaiseanta é an fear. Teastaíonn pósadh traidisiúnta uaidh. Ba mhaith leis a bheith ag maireachtaint ina cheantar dúchais (native land). Bhí sé ag tnúth go mór le saol pósta, leis a bhean chéile ag tógail na bpaistí, ag déanamh oibre an tí agus ag tabhairt aire dóibh. Bhí sé ag lorg mná a bhí
toilteanach, curamaí, agus in ann traidisúnta an tí a chomhlíonadh.( … a woman who was willing to fulfil the traditional household duties)
Áfach, roghnaigh sé an bhean mícheart! Tá a mhalairt de dhearcadh ag an mbean. Tá a tnútháin (expectations) i bhfad ó mhianta a fear céile. Shamhlaigh sí (she imagined) go mbeadh siad ag comh-oibriú le chéile, ag dáileadh an údaráis eatarthu, agus go mbeadh an fear chéile ag tabhairt láimh chúnta (a helping hand) di leis an obair tí. Is léir gur duine nuaaimseartha í. Téastaíonn neamhspléachas, maointe (riches) agus cothrom na féinne uaithí ón
bpósadh. Tá a smaointe diríthe(focused on) ar rudaí taobh amuigh den bhaile; mar shampla ábharachas (materialism) agus laethanta “saoire thar lear”. Bhí súil aici go mbeadh said rachamasach agus go mbeadh ainm in airde acu (high reputation) sa phobal, “meas na mílte”.
Nuair a tháinig crú ar an tairgne (when push came to shove) bhí bearna dólíonta (unbridgeable) eatarthu agus dá bhrí sin bhí orthu scarúint óna chéile.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Mothúcháin:

A

Gan aon agó, is iad díoma agus aiféala (regret) na mothúcháin is láidre sa dán iontach seo.
Tá na mothúchain seo le brath agus le chloistéail tríd an dáin ar fad, ach go háirithe sa líne deireanach:
“Thángthas ar réiteach, scaradar”
Tá an íoróin (irony) an-suntasach sa líne seo. Ceapann an file gur tragóid dhaonna é an colscaradh mar bhí an lánúin seo i ngrá, tráth dá raibh (once upon a time) ach níor mhair sé. Is é comhréiteach bunchloch an chaidrimh (compromise is the foundation of a relationship) ach bhí sé in easnamh anseo, agus is mór an trua é seo. Spreagann sé brón ionam féin.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

Téama:

A

Baineann an dán seo le deacrachtaí caidrimh idir dhaoine pósta. Sa dán seo, feicimid fear traidisiúnta pósta le bean nua-aimseartha. Nuair a phós an fear, shantaigh sé saol socraithe i measc a mhuintire. Ach nuair a phós an bhean, shantaigh sí neamhspleáchas ina saol. Bhí an fear ag iarraidh go mbeadh clann agus teach compordach aige, ach bhí an bhean ag iarraidh laethanta saoire thar sáile agus meas ó dhaoine eile. Tá easpa tuisceana le feiceáil idir an bheirt, agus níor réitigh siad le chéile dá bharr. Theip ar an chleamhnas agus, sa deireadh, scar siad. Is téama eile é mianta an duine. Déantar cur síos cruinn ar na mianta difriúla a bhí ag an fhear agus an bhean. Difríochtaí doréitithe ba chúis leis an bhriseadh.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

Conas mar chuaigh an dán i gcion ort

A

Sa chéad véarsa, feicimid go bhfuil an fear ag lorg mná óna áit dhúchais féin “i nead a chine”. Tá sé ag lorg mná a thabharfaidh grá dó agus chothóidh é. “faoiseamh is gean Ar leac a thine”.
Tá sé ag lorg clainne freisin. De ghnáth, is í an bhean a bhíonn ag lorg na nithe seo, nó ar a laghad sin an steiréitíopa, ach sa chás seo, is é an fear atá ag lorg páistí, agus tá an bhean ag lorg cumhachta “taobh den bhriste”, stádais “meas na mílte”, agus maoin an tsaoil “leath den chiste, saoire thar lear”. Is léir gur bean nua-aimseartha ise siúd agus gur fear traidisiúnta eisean.
Ar an dara dul síos, chuaigh an mheadaracht i bhfeidhm go mór orm. Tá sé simplí, taitneamhach agus tá comhfhuaim idir gach líne. Tá an mheadaracht éadrom, leanbaí cosuil le rann do pháistí. Tá codarsnacht idir an mheadaracht leanbaí agus an téama dáiríre. Tá an mheadaracht rialta síos tríd go dtí an dá líne dheireanacha. Briseann an file an mheadaracht rialta nuair a luann sé an colscaradh. Tá an mheadaracht in oiriúnt don ábhar.
Úsáideann an friotal gonta, simplí ach tá sé an-éifeachtach. Is maith liom an tslí ina n-úsáideann sé an focal “shantaigh” ag tús an dá véarsa. Caithfidh mé a rá gur thaitin an dán seo go mór liom agus go ndeachaigh an léárgas a thugtar den fhear agus den bhean i bhfeidhm go mór orm. Chomh maith leis sin, chuaigh an mheadaracht agus an friotal i bhfeidhm orm. Ach mothaím brónach freisin nuair a léim an dán. Chuaigh an dán seo go mór i gcion orm.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

atmasfear

A

Tá teannas le brath go láidir sa dán seo. Tá a fhios ag an léitheoir gur theastaigh ón bhfear agus ón mbean a bheith pósta ach nochtar dúinn go raibh deighilt ollmhór idir mianta na beirte. Mar sin, cruthaíonn an chodarsnacht idir mianta an fhir i véarsa a haon agus mianta na mná i rann a dó teannas mar tá a fhios ag an léitheoir go bhfuil bearna ollmhór idir na rudaí a bhfuil siad ag suil leo sa phósadh agus na róil atá ag teastáil uathu sa phósadh. Tá atmaisféar lom, brónach ag deireadh an dáin i véarsa a trí nuair a fhaigheann an léitheoir amach gur scar an lánúin óna chéile.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly