POETRY: An tEarrach Thiar Flashcards

1
Q

príomhtheama

A

Is é saol suaimhneach síochánta an oiléain mar príomhthéama an dáin seo agus cuirtear é os ár gcómhair le h-íomhánna mar aon le fuaimeanna binne a chualathas ar an oileán.
Cloistear fuaim an gharraíodóra agus é ag scríbadh na créafóige dá láí i gciúnas an lae. Lá brea brothallach ciúin a bhí ann agus bhí binneas ag baint leis an bhfuaim sin a bhí ag cur isteach ar chiúnas na h-áite - rud a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an bhfile.
Léirítear dúinn fear eile ag ísliú cliabh lán d’fheanainn anuas dá dhroim chun í a leathnú amach ar an trá. Bhí an fheamainn dearg ag glioscarnach faoi sholas na gréine. Bhí niamhracht ag baint leis an radharc seo.
Cuirtear síos ar scata ban i mbun oibre i linnte uisce in aice na taoide atá tráite. Tá a gcótaí fillte aníos agus a scáthanna le feiscint thíos futhu. Cé nach ndeireann an file gur chuala sé iad ag caint, dar ndóigh bhí siad - dá bhrí sin cloisimid monabhar na mban ag cogarnáil le chéile.
Is álainn iomhá na n-iascairí ag teacht i dtír ag deireadh lae lena naomhóga lán d’éisc. Cé go raibh an-áilleacht ag baint leis an radharc sin bhí níos mó áilleachta ag baint le fuaim na maidí rámha. Cloisimid an plab ciúin toll a dhéantar nuair a bhuaileann píosa adhmaid barr na mara agus cuireann solas na gréine leis an áilleacht.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Suíomh an dáin

A

Tá an dán seo suite ar oileán Inis Mór, ceann d’Oileáin Árann. Is suíomh mealltach agus suaimhneach é, agus tá spiorad an phobail ana láidir ar an oileán. Tá sé cosúil le neamh, dar leis an bhfile. Is áit draíochtúil í, gan bhrú nó strus an tsaoil ann. Léiríonn an file “támhradharc”, den duirling agus de na locháin. Tá sé suite in aice na farraige in áit iargúlta.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Íomhánna sa dán:

A

Tá sraith de cheithre íomhá éagsúla sa dán seo. Taispeánann gach íomhá an easpa brú a
bhí ar na daoine fadó agus grá an fhile dá áit dhúchais.
Sa chéad véarsa, tá íomhá ann d’fheirmeoir amuigh ina gharraí, ag cur prátaí b’fhéidir, “I mbrothall lae”. Sa dara véarsa, léiríonn an file obair thraidisiúnta, shéasúrach an oileáin, “ag caitheadh cliabh” in aice “an fheamainn dhearg” ar “dhuirling bháin”. Is iomhánna áille iad. Tá
séimhe na háite curtha in iúl dúinn tríd cuimhní mhaoithneacha an fhile.
Léiríonn an file an muintearas agus an spiorad pobail a bhain le saol an oileáin sa triú véarsa. Feicimid “támh-radharc síothach” agus tá atmaisféar suaimhneach le brath sa radharc seo. Sa véarsa deireanach, cruthaíonn an file íomhá álainn de na hiascairí ag iascaireacht sa
churrach. Tá an fharraige mhall. Tá an bád “ag teacht chun cladaigh”.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

An file:

A

Rugadh Máirtín Ó’Direáin ar an Sruthán ar Inis Mór ar oileán Árann sa bhliain 1910. D’fhág sé an t-oileán nuair a bhí sé ocht mbliana déag d’aois. Chaith sé formhór a shaoil ag obair i mBaile Átha Cliath agus d’oibrigh sé mar státseirbhíseach sa Roinn Oideachais ann ó 1937 ar
aghaidh. I measc na leabhar dá chuid a foilsíodh tá Coinnle Geala, Ó Mórna agus Dánta Eile, Feamainn Bhealtaine agus Ár Ré Dhearóil. Níor fhill sé chun cónaithe ar an oileán riamh arís cé gur thug sé cuairteanna ann go minic. Bíonn a lán cuimhní mhaoithneacha aige ar a óige. Bhí grá mór aige don oileáin agus meas aige ar na daoine ina gcónaí ann. Fuair sé bás sa bhliain 1988.
Ba é an duine ba shine sa theaglach. Ní raibh léamh nó scríobh ag a thuismitheoirí. Léigh sé na litreacha an t-am ar fad agus bhí sé an-chliste. Bhí suim mór aige sna seanfhilí. Bhí saol sona aige, ach fuair a athair bás nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

Mar a chuaigh an dán i gcion ortsa:

A

Chuaigh an dán seo i bhfeidhm orm go huile agus go hiomlán. Tá na híomhánna agus fuaimeanna fite fuaite le chéile tríd an dáin. Cuireann sé ag smaoineamh mé faoin saol ar Inis Mór agus cuireann sé i gcuimhne dom seal a chaith mé faoin tuath. Is féidir liom a shamhlú go bhfuil mé ann “Ar dhuirling bhán” le “Támh-radharc síothach”. Tugann sé leargas éifeachtach dúinn ar na bealaí mhaireachtála ann.
Is aoibhinn liom an úsáid a bhainann an file as íomhánna, go háirithe an cur síos a dhéanann sé ar na hiascairí
“Ag maidí rámha Currach lán éisc Ag teacht chun cladaigh Ar ór-mhuir mhall”
Mothaím sona sásta agus maoithneach nuair a léim an dán seo. Baineann Ó Díreáin úsáid éifeachtach as fuaim shíochánta na dtonnta ag briseadh ar an gcladach agus mar thoradh, mothaím síochánta mé féin. Thaitin an dán seo go mór liom agus chuaigh sé i gcion orm go
mór.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

mothucain

A

Is é áthas agus maoithneachas an dá mhothuchán a chúsclaíonn an dán ionam féin mar creid é nó ná creid is féidir liom ionannú le saol on oileáin cé gur rugadh agus tógadh mé sa chathair.
Nuair a bhí mé níos óige ba mhinic a chaith mé laethanta an tsamhraidh ag spaisteoireacht ar oileáin Árann agus is cuimhin liom na h-íomhánna céanna a bhí le feiscint ann ag an am sin.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
7
Q

aidiachtai

A

Bíonn go leor aidiachtaí le fáil sa dán seo agus scéal nó epic á insint ag gach ceann díobh. “shéimh”.
Bhí binneas ag baint leis an gciúnas an lá sin agus an t-aon rud a bhí ag cur isteach air ná scríbhadh na créfóige ón laí. “mbrothall”.
Ní raibh aon leoithne ag séideadh an lá sin. Bhí an aimsir meirbh “dhearg” agus “bháin”.
Tá an dá dhath seo an-éagsúil óna chéile agus is cumhachtach an chodarsnacht seo le deirge na feamainne ag glioscarnach ar an trá bhán. “niamhrach”.
Dar leis ní raibh aon áit ní ba niamhraí, “síothach”.
Arís tá sé ag cur na béime ar shíocháin agus ar shuaimhneas.
“fanna” Bhí na h-iascairí ag rámhaíocht go mall leis an tuirse mhór a bhí orthu: bhí easpa nirt sna buillí.
“mhall” Toisc go raibh an aimsir meirbh an lá sin gan puth gaoithe ann bhí tonnta beaga bídeacha ag briseadh ar an trá agus tháinig siad i dtír go mall.
“ór” Is dáth álainn agus saibhir é ór: dar ndóigh ceann de na dathanna is áille dá bhfuil ann. B’álainn radharc na ngathanna órga gréine a bhí ann an lá sin is an ghrain ag dul faoi.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
8
Q

friotal

A

Tá friotal lom borb gonta sa dán.
San iomlán níl ach ceithre abairt - le ceann amháin i ngach véarsa.
Tá na línte an-ghearr ar fad gan níos mó ná ceithre fhocal in aon cheann amháin díobh.
Níl aon bhriathar sa dán, dá bhrí sin.
Níl aon aimsir i gceist sa dán.
Is iontachh freisin na h-aidiachtaí go h-áirithe an focal “niamhrach”
Tá athrá i ngach véarsa mar críochnaíonn gach rann leis an líne chéanna.
Scríobh an file “currach” sa dreas deireanach - sampla den ghaeilge bheo sarthar in ionad an fhocail “bád-iascaigh”

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
9
Q

athrá

A

Tá an-bhéim ar athrá ag deireadh gach véarsa amhail is dá mbeadh fear an phinn ag iarraidh meabhrú dúinn go bhfuil sé ag trácht ar a bhaile féin agus go bhfuil sé an-bhródiúl as an áit: “san earrach thiar”. Cuireann an t-athrá ar an líne seo an-treisiú le teideal an dáin.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly