Na Déagóirí Cróga Flashcards
Iomha 1
Sa chéad phictiúr, feictear seanfhear ina leaba sa bhaile luath maidin amháin.
Bhí sé ina chodladh go sámh.
Bhí stoirm uafásach taobh amuigh.
Bhí an seanfhear bocht beag bann ar an mbaisteach throm a bhí ag titim.
Iomha 2
Tamall ina dhiaidh sin, d’éirigh an fear agus tháinig sé anuas an staighre.
Níor chreid sé a shúile nuair a chonaic sé an léirscrios sa chistin.
Bhí tuile ann mar gheall ar an drochaimsir agus bhí uisce ar fud na cistine.
Iomha 3
Mar a shamhlófa, bhí an seanfhear trína chéile.
D’oscail sé an fhuinneog agus thosaigh sé ag screadáil in ard a chinn is a ghuth.
Bhí an fear bocht gafa sa teach.
Ar ámharaí an tsaoil, bhí beirt déagóirí ina suí ar bhalla in aice an tí.
Iomha 4
Chuaigh an buachaill díreach trasna chuig an bhfear a bhí i dtrioblóid, tríd an uisce.
Chuir sé an fear bocht ar a shuimhneas.
Thóg an cailín amach a fón póca agus chuir sí glaoch láithreach ar na seirbhísí eigeandála.
Thug sí na sonraí ar fad faoin seoladh don duine ar an bhfón.
Iomha 5
Déarfainn go raibh faoiseamh an domhain ar gach duine nuair a tháinig na fir dhóiteáin ar an láthair.
Tharraing siad an fear amach as an bhfuinneog.
Is cinnte gur chuir siad é in otharcharr tirim té ag an bpointe sin.
Iomha 6
Cúpla lá ina dhiaidh sin, bhí an seanfhear fós san ospidéal.
Tháinig na déagóirí cróga ar chuairt go dtí an t-ospidéal.
Bhí sé an-bhuíoch dóibh.
“Mol an óige is tiocfaigh” sí mar a deirtear.
Ceisteanna
- Cén sort aimsire a bhí ann sa chéad phictiúr?
- Cén chuma a bhí ar an seanfhear sa dara pictiúr?
- Cad a bhí an seanfhear ag caitheamh sa séu pictiúr?