Cóisir gan Chead Flashcards

1
Q

Iomha 1

A

Dé hAoine atá ann tar éis na scoile.
Ar a leathuair tar éis a ceathair, fágann Mamaí agus Daidí a bpáistí sa bhaile.
Chuir Daid na málaí isteach sa charr.
Dúirt sé leo obair bhaile a dhéanamh, an teach a choinneáil glan agus abheith cúramach.
Tá siad ag dul ar saoire don deireadh seachtaine agus fillfidh siad ar an Domhnach ar a leathuair tar éis a trí.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Iomha 2

A

Díreach nuair atá a dtuismitheoirí imithe, cuireann na páistí an obair bhaile ar leataobh agus piocann said suas a ngutháin.
Socraíonn said cóisir a chur ar siúl agus cuireann siad glaoch ar a gcairde uilig. Tugann siad cuireadh dóibh teacht chuig cóisir anocht ar a hocht a chlog.
Míníonn siad dóibh go bhfuil a dtuismitheoirí imithe go dtí an Domhnach agus go bhfuil teach saor acu anocht.
Beidh craic, ceol, bia, spórt agus spraoi acu.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Iomha 3

A

Feicimid go bhfuil an chóisir faoi lán seoil. Tagann a gcairde go léir.
Tá slua mór daoine ann roimh a naoi agus tá chuile dhuine ag baint taitneamh as an teach gan tuismitheoirí.
Bhí cannaí, búidéil, alcóil agus sceallóga ar an mbord.
Ag an am céanna, tá tuismitheoirí Liam agus Amy sona sásta in Óstán an Átha.
Tá béile blasta á ithe acu agus níl buairt ar bith orthu.
D’ól siad gloine deas fíona.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

Iomha 4

A

An lá dar gcionn, dúisíonn na páistí ar a haon a chlog.
Tá an teach go hiomlán millte. Tá gach rud salach agus tá an teach ar fad ina phraiseach.
Tá Amy ag iarraidh tús a chur leis an nglanadh láithreach ach tá tinneas póite ar Liam.
Socraíonn siad an glanadh suas a thosnú níos déanaí agus dul ar ais a chodladh anois.
Níl siad buartha ar chor ar bith mar tá a fhios acu nach mbeidh a dtuismitheoirí ar ais abhaile go dtí an Domhnach.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

Iomha 5

A

Ar an drochuair, tá fadhb san Óstán.
Tá an t-uisce briste agus tá an leictreachas gearrtha.
Tá an-bhrón ar bhainisteoir an óstáin. Tugann sé trí rogha do na custaiméirí.
D’fhéadfaidís dul go hóstán eile, nó an t-airgead a fháil ar ais nó dhá oíche saor in aisce a fháil am éigin eile.
Roghnaíonn na tuismitheoirí teacht ar ais uair eile agus dul abhaile go luath.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

Iomha 6

A

Mar sin, léimeann siad isteach sa charr agus téann siad díreach abhaile.
Faraor, sroicheann siad an teach ar a cúig a chlog agus an áit fós ina praiseach. Tá siad an-chrosta ar fad leis na páistí.
D’iarr mam ar na páistí an scéal a mhíniú.
D’inis Seán cad a tharla ach níor chreid a thuismitheoirí.
Thug na tuismitheoirí íde beil do na páistí.
Ní fhágfaidh na tuismitheoirí a bpáistí in a n-aonar arís!
“Ni bhionn saoi gan locht” mar a deirtear

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly