Imreoir Gortaithe Flashcards
Iomha 1
Bhí cluiche íománaíocht faoi lán seoil agus bhí sé gear idir an dá fhoireann.
Bhí an saol agus a mháthair ag an gcluiche.
Bhí cúl agus trí chúilín ag Scoil Pheadair.
Ní raibh ach cúl agus cúilín amháin ag Coláiste Mhuire.
Iomha 2
I bpreabadh na súl bhí Caoimhín sínte ar a dhroma.
Shéid an réiteoir an fheadóg.
Tháinig na hoifigigh garchabhrach le sínteán.
Bhí an bainisteoir ag béiceadh in ard a chinn is a ghutha ach thug an réiteoir an chluas bhodhar dó.
Bhí Caoimhín bocht gan aithne gan urlabhra faoin tráth seo.
Iomha 3
Tógadh Caoimhín go dtí an seomra éigeandála agus timpiste ar luas lasrach.
Bhí sé a trí a chlog.
Bhí an áit dubh le daoine.
Tháinig a mheabhair chuig Caoimhín ach bhí pian uafásach ina chos.
Iomha 4
Chaith siad dhá uair an chloig ag feitheamh. D’éirigh an bainisteoir an-mhífhoighneach agus thug sé ide béil don altra bocht. Mhínigh sí dó nach raibh aon leigheas ar an scéal.
Faoi dheireadh rinneadh X-ghathú ar a chos agus cuireadh plástar uirthi.
Iomha 5
Ina dhiaidh sin tugadh isteach i seomra an dochtúra é.
Bhí Caoimhín tagtha chuige féin beagáinín faoin tráth seo ach bhí an plástar an-mhíchompordach.
Mhínigh an dochtúir dó go raibh a chos briste go dona agus go mbeadh air sos fada a thógáil ón spórt.
Iomha 6
Faraor bhí an Chaoimhín sos a thógáil on iománaíocht ar feadh cúig mhí.
Bhí díomá an tsaoil air.
Ní raibh a fhíos aige ó thalamh an domhain céard a dhéanfadh sé i rith an ama sin.
Ní raibg suim dá laghad aige i gcluichí cosúil le ficheall.
B’fhada leis go mbeadh sé ar ais ar a sheanléim arís .
Mar a dheireann an tseanfhocail “Is fearr an tsláinte ná an táinte”.
Ceisteanna
- Cén scór atá sa chluiche i mbosca 1?
- Cén t-am é i mbosca 3
- Cad atá ar chos Chaoimhín i mbosca 5?