Léacht 1 - Nathanna Cainte Nua Flashcards
to kick the can down the road
rud a chur ar an méar fhada/rud a chur siar
The bottom has fallen out of the tourism market.
Tá an tóin tite as an margadh turasóireachta.
Junior academics cannot be expected to do all the heavy lifting .
Ní féidir a bheith ag súil leis go ndéanfaidh acadóirí sóiséaracha trom na hoibre.
Ní féidir a bheith ag súil leis go ndéanfaidh acadóirí sóiséaracha an chuid is troime den obair.
They broke the window out of sheer divilment.
Bhris siad an fhuinneog le teann rógaireachta
Taxation is likely to be another bone of contention.
Is dócha go mbeidh cúrsaí cánachais ina gcnámh spairne eile.
Although she is an excellent candidate, she is going against the tide of public opinion.
Cé gur iarrthóir iontach í, tá sí ag dul in aghaidh dhearcadh an phobail i gcoitinne.
The jury is still out on the government’s proposals regarding educational reform.
Tá moltaí an rialtais maidir le leasú oideachais idir dhá cheann na meá.
Níltear lánchinnte faoi mholtaí an rialtais maidir le leasú oideachais.
Entrepreneurs must be unafraid to plough their own furrow.
Is gá nach mbíonn eagla ar fhiontraithe a bheith ina gcadhan féin.
The train service is going from bad to worse and needs a complete overhaul.
Tá an tseirbhís traenach ag dul ó mhaoil go mullach/ag dul in olcas/ag éirí níos measa agus tá leasú ó bhonn ag teastáil go gear uaithi.
Providing affordable housing is the cornerstone of the new Government policy.
Is é soláthar na tithíochta inacmhainne bunchloch pholasaí nua an rialtais.
The company are at the cutting edge of technology.
Tá an chuid is úire den teicneolaíocht ag an gcomhlacht.
Tá an teicneolaíocht is úire ag an gcomhlacht.
Tá teicneolaíocht cheannródaíoch ag an gcomhlacht
It may well prove to be a double-edged sword for some businesses
D’fhéadfadh buntáistí agus míbhuntáistí araon a bheith leis do roinnt gnóthaí.
Their great rivals’ loss in the final was a source of schadenfreude for the team
Chuir caillteanas a sean-naimhde sa chluiche ceannais áthas ar an bhfoireann.