Oisín i dtír na nÓg summary Flashcards
Ag an tús
Bhí trí chéad fear i nGleann na Smól agus bhí siad ag baint cloch. Ní raibh siad ábalta na clocha a bhaint toisc go raibh siad róthrom
Teacht Oisín
Chonaic na fir fear laidir, dathúil ag teacht chucu ar chapall bán agus d’iarr siad air cabhrú leo. D’éirigh le hOisín an chloch a bhogadh ach thit sé den chapall. Rinneadh seanfhear críonna caite dall de
le Naomh Phádraig
Thóg na fir go dtí Naomh Pádraig é. Bhí Naomh Pádraig cineálta le hOisín mar go raibh trína chéile(upset) go raibh na Fianna marbh. D’inis Oisín a scéal go léir dóibh
le na Fianna
tar éis Chath(battle) Gabhra, bhí na Fianna ag seilg(hunting) in aice Loch Léin. Chonaic siad bean álainn ar chapall bán. Niamh Chinn Óir ab ainm di agus b’as Tír na nÓg di. Tháinig sí go hÉirinn mar go raibh sí i ngrá le hOisín mar chuala sí faoina cháil.
Oisín agus Niamh
Chuir Niamh Oisín faoi gheasa dul léi go Tír na nÓg. Bhí Oisín sásta dul léi ach bhí an-bhrón air ag fágail Fionn agus na Fianna
Oisín agus a athair
Bhí brón ar a athair Fionn, bhí an beirt ag smaoineamh ar na laethanta a chaith ag seilg, ag imirt fichille, ag ól agus ag éisteacht le ceol le chéile.
Faoi Tír na nÓg
Tír álainn ab ea í Tír na nÓg - bhí torthaí, bláthanna, mil(honey) agus fíon(wine) le fáil inti. Níor éirigh aon duine sean nó tinn ansin, ní bhfuair éinne(anyone) bás inti.
An turas
D’imigh siad ar an gcapall bán trasna na farraige. Ar an mbealach, stop siad ag Dún Rí na mBeo. Bhí iníon an rí ina brá(captive/hostage) ag Fómhar Builleach. Fathach ab ea é. Chaith Oisín trí lá is trí oíche ag troid le Fómhar Builleach. Bhain sé a cheann de agus lig sé saor iníon an rí.
an saol i dTír na nÓg
Chuir Rí agus Banríon Thír na nÓg fáilte mhór rompu. Bhí fleá(feast) agus féasta(feast) a mhair deich lá agus deich n-oíche acu. Bhí Oisín agus Niamh go sona sásta ansin. Bhí beirt mhac agus iníon amháin acu.
Uaigneas(loneliness) ar Oisín
Chaith Oisín na blianta ina chónaí i dTír na nÓg, ach lá amháin dúirt sé le Niamh go raibh sé ag iarraidh filleadh ar Éirinn chun Fionn agus na Fianna a fheiceáil arís. Thug Niamh an capall dó ach thug sí trí rabhadh(warning) dó gana chos a chur ar thalamh na hÉireann.
An Rabhadh
Dá gcuirfeadh sé a chos ar thalamh na hÉireann, ní thiocfadh sé ar ais go Tír na nÓg go deo. Dúirt sí leis freisin nach mbuailfeadh sé leis na Fianna.
Nuair a fhilleann Oisín ar Éirinn
Nuair a d’fhill Oisín ar Éirinn, dúradh(it was said) leis go raibh na Fianna marbh le fada an lá(for a long time). Chuaigh Oisín go dtí Almhain Laighean, áit chónaithe Fhinn, ach ní raibh ach fialí(weeds) agus neantóga(nettles) ann. Chuaigh sé go dtí na háiteanna eile a mbíodh na Fianna agus is ansin a chas sé ar na fir i nGleann na Smól
Deireadh an scéil
Bhí an-trua ag Naomh Pádraig dó. Thug sé aire d’Oisín ag deireadh a shaoil. Mhúin sé Soiscéal Dé dó. Thóg sé timpeall na tíre é agus fuair sé na scéalta faoi na Fianna uaidh.