Colscaradh Flashcards
Codarsnacht tús
Tá codarsnacht mhór idir an dá dhearcadh ar an bposadh léirithe sa dán seo. Tá mianta an fhir an-difriúl ó mianta na mná.
Codarsnacht- Fear
Theastaigh pósadh traidisiúnta ón bhfear. Ba mhaith leis bean a shocródh síos leis i measc a mhuintir. Ba mhaith leis go mbeadh clann aige agus ghlac sé go mbeadh an rud céanna ag teastáil uathi.
“aiteas is greann, ag dtógáil chlainne”
Codarsnacht- Fear- mianta dírithe
Tá mianta an fhir dírithe ar an gclann agus ar an mbaile. Tá fonn ar an bhfear caidreamh a cruthú ina mbeidh grá agus spórt mar chuid de shaol an teaghlaigh.
Codarsnacht-Bean
Theastaigh pósadh nua-aimseartha ón mbean. Ba mhaith léi a bheith neamhspléach. Cuireann ‘leath den bhríste’ in iúl go raibh cothromaíocht ag teastáil ón mbean. Ní raibh sí ag smaoineamh ar pháistí go fóill. Spiorad saor atá inti a bhí ag iarraidh taisteal agus bualadh le daoine nua. “Saoire thar lear, is meas na mílte”
Codarsnacht- Críoch
Fad is a bhí an fear ag smaoineamh ar a chlann ina bhaile dúchais féin, bhí an bhean ag díriu ar rudaí taobh amuigh díobh siúd. Leiríonn an codarsnacht an bhearna uafásach mór idir an bheirt.
Mothúchán a mhusclaíonn an dán ionam
Musclaíonn an dán díomá ionam. Theip ar an bpósadh, theip ar an gcleamhnas agus theip ar an ngrá. Is rud díomách é sin.
Baineann an dán le téama atá brónach ach, ar an drochuair réalaíoch ar fad. Bhí mianta difriúla ag an bhfear agus ag an mbean. Tá díomá trom le brath sa dá líne deiridh. “Thángthas ar réiteach, Scaradar.”
Ní féidir na fadhbanna caidreamh a réiteach, agus cuireann sin díomá an domhain orm.
Saol an fhile
Chum Pádraig Mac Suibhne an dán seo. Rugadh é i 1942 i gContae Dhún na nGall. Bhain sé céim amach sa ghaeilge agus stair in Ollscoil Maigh Nuad. Ba mhúinteoir méanscoile é ar feadh na blianta ach tá sé éirithe as anois. Is file agus scríbhneoir é. Tá suim aige sa dramaíocht.
Saothar an file
Caith sé a seal ag obair le hAmharclann an Damer i mBaile Átha Cliath. Bhí páirt aige sa chlár grinn Gleann Ceo ar TG4. Tá spéis aige sa ghearrscéalaíocht. Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aige. Scríobh sé an cnuasach ‘Solas Uaigneach’ agus an gearrscéal ‘Ned faoi Bhinn.