6. Timpiste sa Choláiste Samhraidh Flashcards
1.
Buíochas mór le Dia tháinig an samhradh faoi dheireadh!
Gan mhoill, d’fhág Liam agus a chairde slán lena dteaghlaigh agus thug siad aghaidh ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht.
Níl aon amhras ach go raibh na leaids ag tnúth go mór leis an gcúrsa mar bhí an-suim acu sa Ghaeilge.
Thuig siad an seanfhocail coitianta sin “Beatha teanga í a labhairt” agus is dócha go raibh siad ag iarraidh feabhas a chur ar an teanga labhartha.
2.
Tar éis tamaill, thug siad faoi deara go raibh fógra ar an mballa ag fógairt imeachtaí an lae sa Gaeltacht.
Ar ndóigh, bhí neart imeachtaí éagsúla ar siúl cosúil le ranganna ar maidin, chluichí páirce mar aon le céilithe san oíche agus seónna tallainne.
Déarfainn go raibh Liam ag tnúth leis an gcéilí go háirithe mar bhí an-tóir aige ar na cailíní.
3.
An lá dar gcionn, shocraigh Liam dul ag imirt peile láithreach.
Bhí cluiche corraitheach ar súil ar an bpáirc imeartha in aice leis an gcoláiste.
Ar ndóigh, bhí Liam ag imirt chomh maith le Messi é féin ach go tobann leagadh go talamh é agus thit sé go trom .
Is léir go raibh pian uafásach ina chos mar scread sé in ard a chinn is a gutha.
Ba bheag nár thit sé i laige leis an bpian an créatúr bocht!
4.
Bogaimid ar aghaidh go dtí an chéad phictiúr eile ina chímid gur thóg an múinteoir Dessie Dolan go dtí an gluaisteán é láithreach.
Faraor, feictear go raibh caoga míle le teastáil acu go dtí an t-ospidéal.
Bhí trua acu do Liam mar thuig siad go raibh an-dúil aige sa spórt agus is léir go raibh sé gortaithe go dona.
5.
Gan a thuilleadh moille, shroich siad an t-ospidéal agus scrúdaigh an dochtúir a chos.
Mhínigh an dochtúir go raibh an t-ádh leis nach raibh a chos briste, áfach bheadh air maidí croise a úsáid go ceann seachtaine ina dhiaidh sin.
Níos déanaí, labhair príomhoide an choláiste le tuismitheoirí Liam agus d’inis sé an scéal dóibh.
Déarfainn go mbeadh Liam ceart go leor ach sos beag a thógáil
6.
Níorbh fhada gur fhill Liam ar an gcoláiste agus chuir na scoláirí eile fáilte
is fiche roimhe.
Ar ndoigh, bhí ríméad ar na daltaí go léir go raibh sé ar ais, go háirithe Síle mar cheap sí go raibh Liam an-dathúil.
Is léir go raibh an céilí faoi lánseoil faoin am seo agus bhí an damhsa “Ionsaí na hinse” ar siúl ach ba bheag rince a rinne Liam lena mhaidi croise táim ag rá leat!
In ainneoin sin, bhí oíche den scoth
aige. ‘Is fearr an tsláinte ná na táinte’ mar a déarfá.
There’s no doubt that the boys were looking forward to the course becauue they had an interest in irish
Níl aon amhras ach go raibh na leaids ag tnúth go mór leis an gcúrsa mar bhí an-suim acu sa Ghaeilge.
Of course, there were plenty of different events taking place such as classes in the morning, park games as well as ceilidhs at night and talent shows.
Ar ndóigh, bhí neart imeachtaí éagsúla ar siúl cosúil le ranganna ar maidin, chluichí páirce mar aon le céilithe san oíche agus seónna tallainne.
along with
mar aon le
The poor creature almost fainted from the pain!
Ba bheag nár thit sé i laige leis an bpian an créatúr bocht!
I would say that Liam would be fine just to take a little break
Déarfainn go mbeadh Liam ceart go leor ach sos beag a thógáil
it’s clear the “dance” was in full swing at the time
Is léir go raibh an céilí faoi lánseoil faoin am seo