3. Bua sa Chomórtas Díospóireachta Flashcards

1
Q

1.

A

Tuigtear ón gcéad phictiúr go bhfaca Liam, Pól agus Síle fógra ar an mballa sa scoil.
Thug siad faoi deara go raibh díospóireacht Gaeilge ar siúl agus d’fhógair sé go mbeadh duaiseanna mhaithe ann.
Cainteoirí líofa ba ea an triúr acu gan aon amhras agus mar sin shocraigh siad cur isteach ar an díospóireacht ar an bpointe boise.
Is cosúil go raibh taithí acu cheana féin mar ghlac siad páirt i ndíospóireachtaí scoile roimhe sin.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

2.

A

Bogaimid ar aghaidh go dtí an chéad phictiúr eile ina chímid go raibh a scoilse— Scoil Pheadair i gcoinne Scoil Mhuire sa díospóireacht.
Tá sé soiléir go raibh slua mór sa halla tionóil agus cé go raibh an triúr acu an-neirbhíseach, bhí siad tar éis uaireanta fada a caitheamh ag ullmhú don chomórtas ar ndóigh.
Thuig siad an tábhacht a bhain lena gcuid tuairimí a chur in iúl go láidre.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

3.

A

Níorbh fhada gur thosaigh an díospóireacht agus mar a fheicimid ba é an rún a bhí le plé ná “Níl aon leigheas i ndán don tír seo”.
Is dócha go raibh an foireann ó Scoil Pheadair ag argóint ar son an rún agus mar sin bhí go leor pointí láidre acu ar ndóigh.
Labhair an dá fhoireann go maith ach is léir go ndeachaigh foireann Scoil Pheadair i bhfeidhm ar na moltóirí.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

4.

A

Ag deireadh na díospóireachta ní raibh aon amhras in intinn na moltóirí ach go raibh an bua ag Scoil Pheadair.
D’fhógair siad gurb í Síle an cainteoir ab fhearr sa chomórtas freisin.
Is cosúil go raibh rírá sa halla nuair a thuig siad gur bhuaigh siad.
Is fíor a rá go raibh ríméad ar an triúr.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

5.

A

Gan a thuilleadh moille, bronnadh corn airgid ar na buaiteoirí chomh maith le seic dhá mhíle euro.
Níor chreid go raibh duais mhór mar sin buaite acu agus leath a shúile le hiontas nuair a chonaic siad an seic.
Thuig siad go raibh toradh ar a gcuid oibre dian faoi dheireadh.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

6.

A

Anuas ar sin, feictear go raibh an príomhoide an-bhródúil as na déagóirí agus bhí sé ag iarraidh ceiliúradh leo.
Thóg sé Liam, Pól agus Síle amach chun béile blasta a ithe sa bhialann áitiúil.
Dúirt sé go raibh sé tuillte acu gan aon agó.
Is dócha go raibh siad ar mhuin na muice.
Mar a deirtear “Ní neart go chur le chéile”

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly