2021 - aural Flashcards
Cuid A - Cad atá á lorg ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh?
Oifigeach Gaeilge
Cén dualgas a bheidh ar an duine a cheapfar?
Imeachtaí a eagrú a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn
Scríobh síos dhá cháilíocht atá riachtanach don phost seo
Gaeilge líofa (den scoth/an-mhaith)
Cé a chuir amach an fógra seo?
Cumann na Múinteoirí Staire
Cén fáth a bhfuil an comórtas scríbhneoireachta seo á eagrú?
Comóradh a dhéanamh ar Chogadh na Saoirse
Luaigh dhá rud a chaithfidh na scoláirí a dhéanamh le cur isteach ar an gcomórtas seo.
Taighde a dhéanamh ar phearsa a ghlac páirt sa chogadh
Cad é an dáta deireanach le haghaidh na n-iontrálacha?
An seachtú lá is fiche de mhí Aibreáin
CUID B - Cén moladh a rinne an rialtas maidir le cúrsaí taistil sa samhradh?
Gan taisteal thar lear
Cén áit in Éirinn ar chaith Nuala agus a muintir deich lá ar saoire sa samhradh?
I nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill
Luaigh dhá chúis ar roghnaigh Nuala agus a muintir an ceantar sin mar ionad saoire
A lán rudaí le déanamh amuigh faoin aer
Tabhair cúis amháin nach raibh sé ródheacair dreapadh go barr na hEaragaile, dar le
Nuala.
Bhí an talamh ar an gcosán tirim
Scríobh síos dhá rud a rinne Nuala agus a muintir ar Thoraigh.
Ghlac siad rothair ar cíos
Cén fáth ar tugadh ardmholadh do Sheán sa chuntas a léigh Caoimhe ar shuíomh
gréasáin a scoile?
As an taispeántas (den scoth) a thug sé i bpríomhpháirt an cheoldráma
Conas a mhothaigh Seán nuair a fuair sé an phríomhpháirt sa cheoldráma?
Bhí sceitimíní air
Luaigh dhá rud a bhí ar Sheán agus ar na haisteoirí eile a dhéanamh le hullmhú don léiriú stáitse
Na línte a chur de ghlanmheabhair
Scríobh síos dhá chúram a bhí ar an bhfoireann chúlstáitse
Na prapaí (stáitse)
Cad a rinne an lucht féachana ag deireadh gach seó?
D’éirigh siad ina seasamh chun bualadh bos a thabhairt dúinn/dóibh
cuid b - Cad a sheol Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, ar an 30 Deireadh Fómhair 2020
Foclóir nua Béarla-Gaeilge
Cén áit ar líne a raibh an seoladh oifigiúil ar siúl?
Ar leathanach Facebook Fhoras na Gaeilge
Scríobh síos rud amháin atá ar fáil sa saothar nua a sheol an tUachtarán
Tríocha a haon míle iontráil/31 000 iontráil
Cén eagraíocht dhaonnúil a bhuaigh Duais Nobel na Síochána anuraidh?
An Clár Bia Domhanda
Cén fáth ar bronnadh an onóir seo ar an eagraíocht dhaonnúil sin, de réir Choiste Nobe
As an obair mhór atá déanta acu chun deireadh a chur leis an ocras (ar fud an domhain)
Tabhair dhá chúis a dtarlaíonn géarchéimeanna daonnúla.
Cogaí
Tubaistí nádúrtha