Sraith Pictiúr 20: Teip sa Scrúdú Tiomána Flashcards
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 1?
Tháinig an lá mór ar deireadh, lán an scrúdú tiomána.
Bhí Liam neirbhíseach faoin scrúdú.
Bhí an-chuid ama chaite aige ag cleachtadh.
Ghuigh a athair ádh mór air.
Bhí an carr réidh agus snasta lena plátaí foghlana crochta go soiléir aige.
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 2?
Tháinig an scrúdaitheoir amach le clár ceisteanna.
Don chéad chuid den scrúdú chuir an scrúdaitheoir cúpla ceist ar Liam agus d’fhreagair sé iad go sásúil.
Bhí cuma chrosta, ghéar ar an scrúdaitheoir.
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 3?
Bhí Liam ar a sháimhín só.
Bhí sé seo éasca a cheap sé dó féin, bhí an turas céanna déanta aige go mion minic cheana.
Chonaic sé a bheirt chara ar thaobh an bhóthair.
Bheannaigh Róisín dó, bhain Liam a lámh den roth stiúrtha.
Níos measa fós, d’fhéach sé ina dtreo in áit a bheith ag díriú ar an mbóthar.
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 4?
Níor thug Liam faoi deara go raibh sé ina stand ag na soilse tráchta.
Thiomáin sé díreach isteach i gcúl an chairr.
Bhí uafás ar na daoine ar an sráid.
Thuig Liam go raibh an cluiche caillte aige.
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 5?
Buíochas le Dia, ní ghortaíodh aon duine ach bhí fearg an domhain ar an scrúdaitheoir.
Ba ghearr go raibh na gardaí ar an láthair.
Bhí solas cúil briste ar an gcarr.
Mhínigh an scrúdaitheoir cad a tharla.
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 6?
Dúirt an scrúdaitheoir le Liam go mbeadh sé sásta seans eile a thabhairt dó.
Mhol sé dó cleachtadh breise a dhéanamh agus aire a thabhirt agus é ag tiomáint.
Bhí ceacht dóite foghlamtha ag Liam.
Beidh lá eile ag an bpaorach.