Sraith Pictiúr 12: Obair dhian: torthaí maithe san Ardteistiméireacht Flashcards
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 1?
Bhuail Úna leis an ngairmthreoraí.
Bhí cursaí ollscoile á bplé acu.
Bhí sí sa séú bliain ag déananh na hArdteiste ag deireadh na bliana.
D’iarr sí air eolas a thabhairt di faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Mhol na gairmthreoraí go mbeadh uirthi staidear dhíon a dhéanamh mar beadh ceithre chéad pointe de dhíth.
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 2?
Bhuail sí lena cara ar chlós na scoile ag deireadh an lae.
D’iarr a cara uirthi dul ag siopadóireacht i lár na cathrach.
Dhiúltaigh sí go brónach, bhí an iomarca obair bhaile le déanamh aici.
Bhí a fhios aici go mbeadh obair na gcapall le déanamh aici.
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 3?
Níos déanaí chuir Liam scairt uirthi.
Ghabh sí a leithscéal go brónach faraor bhí aiste le scríobh aici.
Tharla an rud céanna i gcaitheamh na bliana.
Bhí súil aici ar an dtodhchaí.
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 4?
Déanach is d’oíche bhí Úna ag déananh staidéir.
Bhí cuma dhíograiseach uirthi.
Bhí a tuismitheoirí sa chistin ag ól tae.
Bhí buairt ar a hathair.
Thuig a máthair go rachadh sí amach.
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 5?
Tháinig lá na dtorthaí.
D’éirigh go geal leí.
Bhí ceithre chéad caoga pointe gnóthaithe aici.
Bhí sí ar mhuin na muice.
Rinne a clann agus a cairde comhghairdeas léi.
Bhí na torthaí tuillte go maith aici.
Cad a tharlaíonn i bpictiúr 6?
Bhí sí ar bís.
I mí mheán Fhómhair shiúil sí isteach geataí Ollscoil na hÉireann i nGaillimh le clárú mar mhac léinn.
D’éirigh leí a céad rogha a fháil, cúrsa ceimice sa roinn eolaíochta.
B’fhiú go mór an obair dhian agus na híobairtí, dar leí.