Scileanna Pearsanta Flashcards
Scileanna Foghlama
Cuardaíonn tú deiseanna chun foghlama. Léiríonn tú suim i rudaí nua agus i bhforbairt phearsanta. Lorgaíonn tú aiseolas chun go mbeidh tuiscint níos fearr agat.
Solúbthacht
Titeann tú isteach go maith le dúshláin nua agus cuireann tú fáilte roimh shlite nua chun rudaí a dhéanamh. Bíonn tú go maith ag athrú pleananna agus gníomhuithe chun dul in oiriúint do chúinsí a bhíonn ag athrú.
Spriocanna a leagan amach
Beartaíonn tú cad a theastaíonn uait agus cathain. Bíonn tú dírithe ar an sprioc i gcónaí, agus déanann tú iarracht aon bhac a shárú má tá sin réadúil.
Scileanna Tionscnaimh
Ar do thionscnamh féin, déanann tú iarracht feabhas a chur ar rudaí áirithe. Lorgaíonn tú deiseanna chun dul i dtionchar ar chúrsaí, nó chun cinntí a dhéanamh.
Neamhspleáchas
Tá an cumas ionat dul i mbun tascanna go héifeachtach, gan mórán cabhrach nó faomhadh ó dhaoine eile, agus gan maoirseacht dhíreach.
Spreagadh
Bíonn tú spreagtha chun do dhícheall a dhéanamh i gcónaí agus ionchais a shárú. Léiríonn tú muinín as do bhuanna agus go bhfuil tú chun do ghealltanais a chomhlíonadh.
Iontaofacht
Is duine freagrach tú agus is féidir brath ort do chuid dualgais a chomhlíonadh. Déanann tú an obair a scagadh go cúramach chun a chinntiú go bhfuil gach rud curtha i gcrích i gceart.
Gairmiúlacht
Bíonn intinn shocair agat agus bíonn smacht agat ort féin nuair a bhíonn tú faoi strus. Déanann tú do dhícheall oibriú chun leasa na heagraíochta i gcónaí, agus bíonn tú gléasta go cuí i gcónaí.