Réamhfhocail Shimplí Flashcards
Tá teach mór ag (Seán)
Tá teach mór ag Seán
Chuamar go (Gaillimh) inné
Chuamar go Gaillimh inné
Beidh sé as (póca) má dhíolann sé an rothar ar (praghas) íseal.
Beidh sé as póca má dhíolann sé an rothar ar phraghas íseal.
Tá an abhainn sin faoi (talamh).
Tá an abhainn sin faoi thalamh.
Léim sé de (geit).
Léim sé de gheit.
Thug sé an leabhar do (Máire).
Thug sé an leabhar do Mháire.
Tá cónaí uirthi i (Corcaigh).
Tá cónaí uirthi i gCorcaigh.
Léim an madra thar (geata).
Léim an madra thar gheata.
Bhí eagla ar (Diarmaid)
Bhí eagla ar Dhiarmaid.
Beidh sé ann roimh (meánlae).
Beidh sé ann roimh mheánlae.
Bhíomar i (cruachás)
Bhíomar i gcruachás
Bhíomar ag obair ó (maidin) go (oíche).
Bhíomar ag obair ó mhaidin go hoíche.
Tá dréacht ag teacht faoi (doras) an tseomra.
Tá dréacht ag teacht faoi dhoras an tseomra.
Tháinig an t-éan isteach trí (fuinneog) na cistine.
Tháinig an t-éan isteach trí fhuinneog na cistine.