Géibheann le Caitlín Maude Flashcards
The poem concerns the damage a lack of freedom does to an animal (and to people).
Baineann an dán leis an dochar a dhéanann easpa saoirse don ainmhí (agus don dhuine).
When the animal was in control of himself in the tropics, he was strong and energetic.
Nuair a bhí an t-ainmhí i gceannas air féin sna teochriosanna, bhí sé láidir agus fuinniúil.
The animal spent his days in the tropics running around, roaring and scaring the other animals.
Chaith an t-ainmhí na laethanta sna teochriosanna ag rith timpeall, ag búiríl agus ag scanrú na n-ainmhithe eile.
There is a happy atmosphere in the first half of the poem.
Tá atmaisféar sona sa chéad leath den dán.
There is a very pitiful image in the second half of the poem.
Tá íomhá an-truamhéalach sa dara leath den dán.
The animal’s spirit is broken and he is depressed.
Tá spiorad an ainmhí briste agus tá sé in ísle brí.
The animal doesn’t have an interest in life now and he lives [spends] a boring life.
Níl suim ag an ainmhí sa saol anois agus caitheann sé saol leadránach.
There is a despairing atmosphere in the second half of the poem.
Tá atmaisféar éadóchasach sa dara leath den dán.
There is contrast in the poem between freedom and captivity.
Tá codarsnacht sá dán idir saoirse agus daoirse.
The language in the poem is simple but effective.
Tá friotal simplí ach éifeachtach sa dán.