Géibheann (Ceisteanna agus Freagraí) Flashcards
- Cé a chum an dán seo?
Chum Caitlín Maude an dán seo
- Scríobh síos trí phointe faoina saol.
Rugadh i Ros Muc í. Múinteoir ab ea í. Bhí cáil uirthi mar ámhránaí agus mar aisteoir nuair a bhí sí
beo. Ghlac sí páirt Mháire Ní Chathasaigh sa chéad léiriú den drama ‘An Triail’. Chónaigh sí i
mBaile Átha Cliath nuair a phós sí. Fuair sí bás den ailse
- Scríobh síos dhá phointe faoina saol.
Foilsíodh dhá chnuasach filíochta léi tar éis a báis ‘Dánta’ is ainm do cheann acu. Tá cáil ar a dán
‘Dán Grá Vietnam’ – dán frithchogaidh. Scríobh sí an drama ‘An Lasair Choille’ le Mícheál Ó
hAirtnéide.
- Cad é an téama sa chéad leath den dán?
Saoirse
- Conas a bhí an t-ainmhí sa chéad leath den dán?
Álainn/maorga/fiáin/cumhachtach (trí cinn)
- Cad é an téama sa dara leath den dán?
Daoirse
- Conas a bhí an t-ainmhí sa dara leath den dán?
Lagbhríoch/gruama/bailithe (dhá cheann)
- Ainmnigh ceithre theicníocht a úsáideann an file sa dán seo.
Codarsnacht, pearsantú, uaim, níl aon chomhartha poncaíochta
- Pioc teicníocht amháin agus inis an éifeacht a bhaineann léi.
Pearsantú – cabhraíonn sé linn ionnanú le cás an ainmhí.
- Cad é an mothúchán is láidre sa dán seo, dar leat?
‘Sé grá don tsaoirse an mothúchán is láidre sa dán seo, dar liom