Colscaradh (Ceisteanna agus Freagraí) Flashcards
- Cé a chum an dán seo?
Chum Pádraig Mac Suibhne an dán seo.
- Tabhair dhá shampla dá shaothar litríochta.
Chum sé trí chnuasach filíochta. Tagann an dán seo ón gcnuasach ‘Solas Uaigneach’ Scríobh sé
‘Taibhsí an Chreagáin’ – cnuasach eile – chomh maith le gearrscéalta mar ‘An Coinín Cliste’
- Cén saghas duine é an fear?
Fear traidisiúnta, seanaimseartha ab ea é.
- Cad a theastaigh ón bhfear?
Theastaigh saol taobh istigh den teach uaidh. Theastaigh uaidh go mbeadh teach teolaí aige in aice
lena mhuintir mar thearmann ó bhuairt an tsaoil. Theastaigh páistí uaidh freisin.
- Cad a theastaigh ón mbean?
Theastaigh cothromaíocht uaithi. Bhí saol taobh amuigh den teach uaithi.
- Cén réiteach a fuair siad?
Colscaradh/Scar siad
- Tabhair dhá theicníocht a úsáideann an file
Codarsnacht/meadaracht/an briathar saor ‘thángthas’/an briathar ‘shantaigh’
- Cén mheadaracht atá le fáil sa dán seo?
Rosc an mheadaracht sa dán.
- Déan cur síos ar an meadaracht
Tá dhá bhéim i ngach líne. Tá comhfhuaim idir na focail ag deireadh na gcorrlínte (líne 1, 3 agus 5)
le ‘ea’ agus ag deireadh na rélínte (líne 2, 4 agus 6) le í.
- Cad é an mothúchán is mó a mhúsclaíonn an dán seo ionat?
Músclaíonn an dán seo díomá ionam mar theip ar an bpósadh