FR4 - Daonra ag Titim Flashcards
Daonra ag titim - Impleachtaí
‘Éil…’
Éileamh: Má thiteann an daonra, laghdóidh an margadh intíre. Beidh éileamh níos lú ar earraí/seirbhísí. Laghdóidh ioncam náisiúnta, rachaidh dífhostaíocht suas. Rachaidh infheistíocht síos.
Daonra ag titim - Impleachtaí
‘Cá…’
Cáin: Mar gheall go bhfuil níos lú éilimh beidh níos lú cánach á bhailiú ag an rialtais. Má bhíonn níos lú daoine ag obair/níos lú brabúis á dhéanamh ag comhlachtaí beidh níos lú cánach á bhailiú ag an rialtas.
Daonra ag titim - Impleachtaí
‘Seir…’
Seirbhísí Poiblí: Má tá an daonra ag titim beidh níos lú brú ar sheirbhísí poiblí (oideachas, sláinte agus iompar mar shampla). Mar gheall ar 2 thuas bheadh laghdú i líon/cáilíocht na seirbhísí poiblí nó/agus costas breise in aghaidh an duine.
Daonra ag titim - Impleachtaí
‘Gan…’
Ganntanas Oibrithe: Má tá an daonra ag titim beidh an lucht saothair ag laghdú. Bheadh níos lú oibrithe le scileanna/oideachas speisialta. De ghnáth bíonn titim sa daonra bainteach le níos lú daoine óga agus ní bheadh an soghluaisteacht céanna i gceist.
Daonra ag titim - Impleachtaí
‘Rát…’
Ráta Cleithiúnais: Má tá daonra ag titim (go háirithe más eisimirce atá i gceist) beidh an lucht saothair ag laghdú. Ciallaíonn sé seo go mbeidh an ráta cleithiúnais ag ardú.