FR2 - Daonra ag Fás Flashcards
An Daonra ag Fás – Impleachtaí
‘Éil…’
Éileamh: Má fhásann an daonra, fásfaidh an margadh intíre. Beidh éileamh níos mó ar earraí/seirbhísí. Méadóidh ioncam náisiúnta. Rachaidh infheistíocht agus fostaíocht suas.
An Daonra ag Fás – Impleachtaí
‘Cait…’
Caiteachas an Rialtais: Má bhíonn an daonra ag fás beidh éileamh níos mó ar sheirbhísí Rialtais. Dá bhrí sin beidh ar an Rialtas níos mó airgid a chaitheamh, ar oideachas agus sláinte ach go háirithe.
An Daonra ag Fás – Impleachtaí
‘Iom…’
Iompar: De réir mar a fhásann an daonra cuirfear níos mó brú ar gcóras/bonneagar iompair. Caithfidh an rialtas infheistiú caipitil a dhéanamh.
An Daonra ag Fás – Impleachtaí
‘Tit…’
Tithíocht: Má fhásann an daonra beidh níos mó éilimh ar thithe. Ardóidh praghas thithe rud a chuirfidh brú orthu siúd ar ioncam íseal.
An Daonra ag Fás – Impleachtaí
‘Cá…’
Cáin: Mar gheall go bhfuil breis éilimh beidh breis cánach á bhailiú ag an rialtais. Má bhíonn breis daoine ag obair/breis brabúis á dhéanamh ag comhlachtaí beidh breis cánach á bhailiú ag an rialtas.