FR2 - Cánachas Flashcards
Ceann de Phrionsabail an ChánachaisCoth…
Cothromas: Ba chóir go mbeadh an duine in ann é a íoc agus go mbeadh gach duine ag íoc i gcomhréir lena ioncam.
Prionsabal eileCinnt…
Cinnteacht: Ba chóir go mbeadh méid na cánach atá le híoc cinnte.
Prionsabal eileÁis…
Áisiúlacht: Ba chóir go mbeadh am agus modh íoctha na gcánacha áisiúil don duine. Sampla maith de seo ná an córas PAYE
Prionsabal eileCost…
Costas Bailithe: Ba chóir go mbeadh an costas bailithe íseal i gcomparáid leis an méid atá á bhailiú.
Prionsabal eileCoig…
Coigilt/Infheistiú: Ní cheart go ndéanfadh cánachas coigilt nó infheisitiú a dhíspreagadh.
Prionsabal eileOb…
Obair: Ní cheart go ndéanfadh cánachas daoine a dhíspreagadh maidir le hobair (saothar) nó cruthú maoine (fiontraí).
Feidhmeanna an ChánachaisMaoin…
Maoiniú: Déanann sé gníomhaíochtaí an rialtais a mhaoiniú. Sé sin íocann sé as an gcóras Sláinte, Oideachais, Dlí agus Cirt.
Feidhm eileDáil…
Dáileadh Maoine: Úsáidtear é chun dáileadh maoine níos cothromaí a bhaint amach. Cáin ard ar dhaoine saibhre le seirbhísí agus cúnamh a chur ar fáil do dhaoine bochta.
Feidhm eileAidh…
Aidhmeanna Sóisialta: Úsáidtear é le haidhmeanna sóisialta a bhaint amach. Samplaí de seo ná caitheamh tobac agus ólachán a díspreagadh.
Feidhm EileAidhmeanna Eac…
Aidhmeanna Eacnamaíocha a bhaint amach: A) Cáin a ardú chun caiteachas an tomhaltóra a laghdú, rud a ísleoidh boilsciú.B) Cáin a laghdú le caiteachas an tomhaltóra a mhéadú agus borradh a chur faoin ngeilleagar.C) Cáin a ghearradh ar allmhairí chun buntáiste a thabhairt d’earraí intíre.
Céard é Cáin Dhíreach?
Cáin a bhailíonn an rialtas go díreach ó cháiníocóirí. Cáin ar ioncam, brabús agus maoin. Sampla : PAYE (ÍMAT)
Buntáiste a bhaineann le Cáin DíreachCoth..
Cothromas: De ghnáth tógann sé san áireamh ábaltacht an duine an cháin a íoc ?
Buntáiste a bhaineann le Cáin DíreachCostas…
Costas Bailithe: Tá an costas bailithe íseal i gcomparáid leis am méid a bhailítear.
Buntáiste a bhaineann le Cáin DíreachÁis……
Áisiúlacht: Déantar an cháin a thógáil díreach ó ioncam/brabús. Tá an bailúcháin éifeachtach.
Buntáiste a bhaineann le Cáin DíreachCobhsaíocht …
Cobhsaíocht Eacnamaíoch: Cabhraíonn sé le cobhsaíocht eacnamaíoch trí shrian a chur ar bhoilsciú, nuair is gá, agus borradh a chur faoin ngeilleagar, nuair is gá.
Buntáiste a bhaineann le Cáin DíreachCinn….
Cinnteacht: Tá sé éasca don cháiníocóir méid na cánach a dhéanamh amach.
Míbhuntáiste a bhaineann le Cáin DhíreachOb….
Obair: Má tá na rátaí ar cháin ioncaim ard déanfar obair a dhíspreagadh.
Míbhuntáiste a bhaineann le Cáin DhíreachInfh…
Infheistiú: Má tá an cháin ar bhrabús ard (cáin chorparáide) déantar infheistiú a dhíspreagadh.
Míbhuntáiste a bhaineann le Cáin DhíreachCoig….
Coigilt: Má tá na rátaí cánach ar ús ard déanfar coigilt a dhíspreagadh.
Míbhuntáiste a bhaineann le Cáin DhíreachSimpl….
Simplíocht: Tá sé an-deacair córas cánach a thabhairt isteach atá iomlán cothrom agus simplí le tuiscint.
Míbhuntáiste a bhaineann le Cáin DhíreachGeilleagar….
Geilleagar Dubh: Má tá an praghas ar earraí ard déántar ‘geilleagar dubh’ a chothú. Déanann daoine imghabháil cánach.
Luí Cánach F…?
Luí Cánach Foirimíuil: An duine/comhlacht ar a ngearrtar an cháin.
Luí Cánach S…?
Luí Cánach Sonrach: An duine/comhlacht a íocann an cháin.
Cáin Fhorchéimnitheach
Tógann sé seo san áireamh ábaltacht an duine an cháin a íoc. Déanann daoine le hioncam ard céadtadán níos airde a íoc.
Cáin Chúlchéimnitheach
Ní thógann sé san áireamh ábaltacht an duine an chain a íoc. Déanann daoine le hioncam ard céadtadán níos lú a íoc.
Cáin Chomhréireach
Déanann sé an céadtadán cánach céanna a ghearradh ar bhocht agus saibhir.
Imghabháil Cánach
Go n-eagraítear cuntaisí le cáin a sheachaint go mídhleathach.
Seachaint Cánach
Go n-eagraítear cuntaisí le cáin a sheachaint go dleathach.
Tax Wedge
Seo an difríocht idir pá glan an fhostaí agus an méid a chosnaíonn sé ar an bhfostóir an duine sin a fhsotú.
Comhchuibhiú Cánach
Na rátaí cánacha i réigiúin áirithe, an tAontas Eorpach mar shampla, a thabhairt go dtí an leibhéal céanna.
Céard é Cáin Indíreach
Cáin Indíreach: Seo cáin a ghearrtar ar earraí / seirbhísí. Sampla de seo ná Cáin breisluacha (VAT)
Buntáiste le Cáin IndíreachObair/Coig…
Obair/Coigilt/Infheistiú: Ní dhéanann sé obair/coigilt ná infheistiú a dhíspreagadh.
Buntáiste eile le Cáin Indíreach Simp…
Simplíocht: Tá an córas simplí agus áisiúil do cháiníocóirí. Bíonn ar dhíoltóirí agus táirgeoirí an cháin a bhailiú.
Buntáiste eile le Cáin Indíreach Img….
Imghabháil Cánach: Mar go bhfuil an cháin fite fuaite sa praghas ní féidir imghabháil cánach a dhéanamh.
Buntáiste eile le Cáin Indíreach Aidhmeanna Sói…
Aidhmeanna Sóisialta: Úsáidtear é le haidhmeanna sóisialta a bhaint amach. Samplaí de seo ná caitheamh tobac agus ólachán a dhíspreagadh.
Buntáiste eile le Cáin indíreach Cobhsaíocht Eac..
Cobhsaíocht Eacnmaíocht: Cabhraíonn sé le cobhsaíocht eacnamaíoch.
Míbhunstáiste le Cáin Indíreach.Cothro…
Cothromas: Níl an cháin seo cothrom. Ní thógann sé san áireamh ábaltacht an duine é a íoc. Déanann daoine saibhre agus daoine bochta an méid céanna a íoc.
Míbhuntáiste eile le Cáin Indíreach Boi…
Boilisciú: Is féidir le cáin indíreach a bheith boilscítheach mar go gcuireann sé le praghas earraí agus seirbhísí. Toradh a bheadh ar seo ná go mbeadh oibrithe ag lorg arduithe pá, rud eile a d’fhéadfadh cur le boiliciú.
Míbhuntáiste eile le Cáin Indíreach Cos…
Costas Bailithe: Cuireann cáin den saghas seo brú ar dhíoltóirí, mar siad siúd a chaitfidh é a bhailiú. B’fhéidir go lorgódh siad brabús níos airde mar chúitheamh. Bheadh boilisciú mar thoradh air.
Mibhuntáiste eile le Cáin Indíreach Cinnteacht
Cinnteacht: Níl cinnteacht ag bhaint leis mar go mbraithfidh méid na cánach sa todchaí ar an méid agus an cíneal caitheachais a dhéanfaidh an cáiníocóir sa todchaí.
Míbhuntáiste eile le Cáin Indíreach Pleanáil…
Pleanáil Rialtais: Ní bhíonn an rialtas cinnte riamh faoi cé mhéid a thocfaidh isteach i gcáin indíreach. Is deacair pleanáil eacnamaíoch cheart a dhéanamh dá bharr.