FR 6 - Costas Príobháideach agus Sóisialta Flashcards
Cén fáth go ndéanann an rialtas idirghabháil sa gheilleagar?Seirbhísí….
Seirbhísí riachtanacha: Ní cheart iad a fhágaint faoi chúram daoine/gnólachtaí príobháideacha- an córas dlí agus cirt, na fórsaí cosanta. Tá siad ann mar go bhfuil Stáit ann.
Cúis eile le hidirghabhail.Teastálacha…
Teastálacha infhóinteacha: Earraí agus seirbhísí a chuireann an rialtas ar fáil ionas go mbeadh teacht ag gach duine orthu in ainneoin an ioncaim atá acu – Seirbhísí Sláinte agus oideachais.
Cúis eile le hdirghabháil.Aidhmeanna…
Aidhmeanna Eacnamaíocha: Teastaíonn ónrialtas srian/smacht a choinneáil ar an nGeilleagar.BoilsciúDíífhostaíochtFiachas Náisiúnta.Comhardú na nÍocaíochtaíFás Eacnamaíoch
Cúis eile arís le hidirghabháil.Earnálacha…
Earnálacha áirithe: Teastaíonn ón rialtas idirghabháil a dhéanamh in earnálacha éagsúla den gheilleagar ar chúiseanna éagsúla.
Tá cúpla cúis go mbeadh an rialtas ag déanamh idirghabhála in earnálacha áirithe.Níl an táirgeadh…
Níl an táirgeadh feiliúnach don earnáil phríobháideach:Tá infheistiú an-mhór ag teastáil i dtáirgeadh earraí/seirbhísí áirithe – bóithre, córas leictreachais. Bheadh an infheistiú ró-mhór don earnáil phríobháideach.
Tá cúpla cúis go mbeadh an rialtas ag déanamh idirghabhála in earnálacha áirithe.Cúiseanna St…
Cúiseanna Stráitéiseacha: Mar go bhfuil earnáil faoi leith chomh tábhachtach sin don gheilleagar déanann an rialtas idirghabháil ann – fuinneamh (ola, gás srl), talamhaíocht.
Tá cúpla cúis go mbeadh an rialtas ag déanamh idirghabhála in earnálacha áirithe.Leas an …
Leas an Phobail: Is é an rialtas is fearr a bheadh in ann dul i mbun gníomhaíochtaí a théann chun leasa an phobail ina iomláine.Mar gurb é an brabús an aidhm atá ag fiontraithe ní dhéanfadh siad gníomhachtaí a bheadh ar leas an phobail.
Argóint i gcoinne idirghabháil an rialtias.Cothaítear…
Cothaítear neamhéifeachtacht: Nuair a bhíonn rialtas i dtionscal áirithe is annamh go mbíonn aon chomórtas acu.
Argóint i gcoinne idirghabháil an rialtias.Neamhbhrabúsach…
Neamhbhrabúsach: Má tá an rialtas páirteach i ngíomhachtaí eacnamaíocha is féidir leo brabús nó caillteanas a dhéanamh. Go minic déanann siad caillteanas. Is iad na cáin íocóirí a chaithfidh an t-ualach a iompar.
Argóint i gcoinne idirghabháil an rialtias.Praghas…
Praghas Ard: Muna bhfuil na seirbhísí/earraí á dtáirgeadh go héifeachtach beidh ar an tomhaltóir praghas ard a íoc.
Argóint i gcoinne idirghabháil an rialtias.Caidreamh…
Caidreamh tionsclaíoch: Mar go bhfuil seasmhacht ag baint le fostaíocht san earnáil phoiblí ní bhíonn an drogall céanna ar fhostaithe tabhairt faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch.
Argóint i gcoinne idirghabháil an rialtais.Maorlathas
Maorlathas: Tá sé de cháil ar áisíneachtaí stáit go bhfuil an-chuid maorlathas iontu, rud a chuireann le neamhéifeachtacht.
Bealaí idirghabhálaIdirghabháil Dh…
Idirghabháil Dhíreach: Is idirghabháil dhíreach aon ghníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanann aon comhlachtaí leatstáit agus áisínteachtaí stáit. Samplaí: ESB, Fáilte Ireland.
Bealaí IdirghabhálaBeartas F…
Beartas Fioscach (Fiscal Policy): Nuair a athraíonn an rialtas a chaiteachas agus fáltais (cáin srl) le haidhmeanna eacnamaíocha a bhaint amach. Tá siad seo le feiceáil i mbuiséadbhliantúil an rialtais..
Bealaí idirghabhálaBeartas A…
Beartas Airgeadaíochta: Nuair a athraítear an soláthar airgid, ráta úis agus infhaighteacht chreidmheasa le haidhmeanna eacnamaíocha a bhaint amach. In Éirinn, agus tíortha an Euro, is ag Banc Ceannais na hEorpa, atá an chumhacht seo.