Colscaradh Flashcards

1
Q

An file

A

Scríobh Pádraig Mac Suibhne an dán seo.
Rugadh é ar Ard an Rátha, Contae Dhún na nGall i 1942.
Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa stair.
Ba mhúinteoir meánscoile agus ba phríomhoide é.
Scríobh sé an Coinín Cliste agus ‘Ned Faoi Bhinn.’ freisin

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
2
Q

Meon an file

A

Ní thaobhaíonn an file leis an mbean ná leis an bhfear sa dán seo – tá meon oibiachtúil aige.
Ní chuireann sé an milleán ar aon duine mar gheall ar theip an phósta.
Tugann sé na firicí a bhain le pósadh na beirte ach ní thugann sé aon bhreithiúnas orthu.
Luann sé mianta an fhir agus luachanna na mná agus luann sé an fhís dhifriúil a bhí ag an mbeirt acu den phósadh.
Tugann sé le fios gurbh é an bhearna sin a chruthaigh na constaicí ina gcaidreamh agus de bharr na bearna a bhí ann maidir le meon na beirte, scar siad óna chéile.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
3
Q

Téama

A

Is é téama an dáin seo ná an pósadh agus na fadhbanna idir lánúineacha pósta.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
4
Q

An fear

A

Is gnáthfhear traidisiúnta é.
Ba mhian leis a bheith pósta agus clann a bheith aige.
Ba mhaith leis cónaí in aice lena mhuintir féin.
Ní raibh suim aige in aon rud seachas a bhean chéile agus páistí.
Cheap sé go mbeadh sé sásta le bean chéile agus páistí.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
5
Q

An Bhean

A

Is gnáthbhean nua-aimseartha í.
Ba mhaith léi a bheith pósta ach níor mhaith léi a bheith ag brath ar fhear.
Ba mhaith léi a bheith ag obair agus dul ag

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
6
Q

Grá - nuair a phós siad

A

Tá sé soiléir le feiceáil go raibh an fear agus an bhean ag iarraidh grá a aimsiú sa dán seo.
Bhí siad ag iarraidh a bheith pósta agus an grá, foscadh agus buaine a bhaineann le pósadh a bheith acu.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
7
Q

Grá - nuair a bhí difríochtaí

A

Faraor, bhí an bheirt acu ag tnúth le rudaí difriúla ón gcaidreamh.
Bhí an fear ag iarraidh an grá agus saol clainne, teolaí, traidisiúnta ach bhí an bhean ag iarraidh an grá agus saoirse, cumhacht, saibhreas agus údarás.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
8
Q

Grá - nuair a scar siad

A

Bhí an fhís a bhí ag an mbeirt den ghrá agus den phósadh an-éagsúil.
Ba é an bhearna sin idir an fhís a bhí ag an mbeirt acu den ghrá a chruthaigh na constaicí dá bpósadh agus dá gcaidreamh.
Ar deireadh, theip ar an ngrá agus ar an bpósadh mar ní raibh a mianta agus luachanna pléite i gceart acu is dócha roimh an bpósadh agus ní raibh siad ábalta teacht ar chomhréiteach.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
9
Q

Brón

A

Ní léiríonn an file conas a mhothaigh an fear agus an bhean tar éis theip a bpósta ach is dócha go raibh brón orthu.
Spreagann an dán trua agus brón sa léitheoir mar is léir gur theastaigh grá ón mbeirt acu ach theip ar an ngrá a bhí eatarthu sa deireadh.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
10
Q

Cé a bhí sé níos pianmhaire do

A

Beidh níos mó trua ag roinnt daoine don fhear mar bhí dearcadh traidisiúnta é agus bhí an pósta níos tabhactacht dó

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
11
Q

Codarsnacht

A

Tá codarsnacht idir an dearcadh traidisiúnta a bhí ag an bhfear agus an dearcadh nua-aimseartha a bhí ag an mbean ar an bpósadh.
Úsáideann an file íomhánna teolaí chun cur síos a dhéanamh ar mhianta agus ar luachanna an fhir i véarsa a haon.
Úsáideann an file íomhánna a bhaineann le húdarás, saibhreas agus stádas sa tsochaí chun cur síos a dhéanamh ar mhianta agus ar luachanna na mná i véarsa a dó.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
12
Q

Meafar - i nead a chine

A

Leis an meafar seo, tugann an file le fios gur theastaigh ón bhfear socrú síos i measc a mhuintire féin. Theastaigh uaidh faoiseamh, sos agus cion ‘ar leac a thine’.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
13
Q

Meafar - ‘ar leac a thine’

A

Sa mheafar seo, tugann an file le fios go raibh saol traidisiúnta ag teastáil ón bhfear lena bhean chéile sa bhaile agus a leanaí mórthimpeall orthu. Úsáideann an file íomhánna teolaí chun an fhís a bhí ag an bhfear dá shaol agus dá phósadh a léiriú.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
14
Q

Meafar - ‘Taobh den bhríste’

A

Leis an meafar seo, tugann an file le fios go raibh an bhean ag iarraidh leath den chumhacht agus den údarás.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
15
Q

Meafar - ‘Leath den chíste’

A

Chomh maith leis sin, bhí sí ag lorg ‘leath den chíste’. Tugann an meafar sin le fios go raibh an bhean ag iarraidh leath den saibhreas sa phósadh.

How well did you know this?
1
Not at all
2
3
4
5
Perfectly
16
Q

Meafar - ‘Meas na mílte’

A

Deir an file go raibh sí ag lorg ‘meas na mílte’. Tugann an meafar le fios go raibh an bhean ag iarraidh stádais sa tsochaí agus meas ó dhaoine eile lasmuigh den teaghlach. Ní raibh an mhian sin ag teacht le mianta a fhir is dócha a bhí dírithe ar an teaghlach amháin agus saol sona, teolaí sa bhaile.

17
Q

Atmaisféar - teannas

A

Tá teannas le brath go láidir sa dán seo. Tá a fhios ag an léitheoir gur theastaigh ón bhfear agus ón mbean a bheith pósta ach nochtar dúinn go raibh deighilt ollmhór idir mianta na beirte.

18
Q

Atmaisféar - chodarsnacht

A

Mar sin, cruthaíonn an chodarsnacht idir mianta an fhir i véarsa a haon agus mianta na mná i véarsa a dó teannas mar tá a fhios ag an léitheoir go bhfuil bearna ollmhór idir na rudaí a bhfuil siad ag súil leo sa phósadh agus na róil atá ag teastáil uathu sa phósadh.

19
Q

Atmaisféar - nuair a scar siad

A

Tá atmaisféar lom, brónach ag deireadh an dáin i véarsa a trí nuair a fhaigheann an léitheoir amach gur scar an lánúin óna chéile.