Tuaslagáin Flashcards
Sainmhínigh meascán
Is é is meascán ann ná dhá phairteagail difriúla nó níos mó curtha le chéile.
Cad is tuaslagóir ann?
An substaint ina thuaslagann rudaí eile
Cad is tuaslagáit ann?
An substaint a thuaslagann.
Cad is tuaslagán ann?
Meascán de thuaslagóir agus tuaslagáit.
Cad is fuaidreán ann?
- Bíonn na caithníní den solad ag crochadh.
- Bíonn an fuaidreán scamallach.
Cad is tuaslagán sáithithe ann?
Tuaslagáin nach féidir níos mó tuaslagáit a thuaslagadh.
An ndéantar meascáin le himoibriú ceimiceach?
Ní dhéantar.
4 modhanna chun substaintí difriúla a dheighilt.
- Scagadh
- Driogadh
- Galú
- Crómatagraifíocht
Cén fáth go n-úsáidtear scagadh?
Chun solad dothuaslagtha a dheighilt ó leacht.
Cad a ghlaotar ar an leacht a thagann tríd an scagpháipéar?
Scagáit
Cad a ghlaotar ar an substaint a fhanann sa scagpháipéar?
Iarmhar
Cén fáth go n-úsáidtear driogadh?
Chun leacht a scarúint agus a bhailiú ó thuaslagán.