Teist Ar Fhórsa &brú Flashcards
Cad é an t-aonad ina dtomhasann tú Fórsa?
Niútain
Cad is frithchuimilt ann?
Frithchuimilt a thugtar ar an bhfórsa a chuireann I gcoinne gluaiseachta idir dhá dhromchla a theagmhaíonn le chéile
Ainmnigh buntáiste a bhaineann le frithchuimilt
Rudaí a stopadh e.g coscáin ghluaisteáin nó rothair.
Ainmnigh míbhuntaiste a bhaineann le frithchuimilt
Fuinneamh a chur amú ,e.g cailltear fuinnimh trí frithchuimilt in innill agus scaoiltear an fuinneamh seo I bhfoirm teasa agus fuaime
Cad is fórsa ann?
Fórsa a thugtar ar aon ní a athraíonn an treoluas a bhíonn faoi chorp
Cad is meáchan ann?
Is ionann an meáchan a bhíonn i gcorp agus an fórsa domhantarraingthe a bíonn air.
Cad é an t-aonad ina dtomhasann tú meáchan?
Tomhaistear meáchan ina niútain
Cad is mais ann?
An méid damhna a bhíonn i gcorp
Cad is meáchan lár ann?
An pointe i gcorp trína bhfeidhmíonn meáchan uile an choirp.
Cad is brí le toirt?
Is ionann an toirt atá i gcorp is an méid spáis a líonnann an corp .
Cad é an t-aonad le haghaidh toirte ?
Tomhaistear toirt ina cm3
Cad is brí le dlús ?
Is ionann an dlús atá i substaint agus an mhais atá in aonad toirte den tsubstaint.
Cad é an t-aonad le haghaidh dlúis?
Tomhaistear dlús ina g/cm3.
Cad is brí le snámhacht?
Snámhann solad ar leacht má tá an dlús atá sa solad níos lú ná an dlús atá sa leacht.