Teip An Scrúdú Tiomána Flashcards
1
D’éirigh Liam le breacadh an lae chun an scrúdú tiomána a dhéanamh. Bhí obair na gcapall déanta aige le cúpla seachtain agus bhí sé an -neirbhíseach. Pháirceáil a charr in aice an ionad. Bhí fógra foghlaimeora an fhuinneog an chairr. Ghuigh a dhaid ádh mor air.
2
Bhuail Liam an scrúdaitheoir san ionad tástála. Fear an-dáiríre a bhí ann. Bhí spéaclaí a gcaitheamh aige agus bhí geasróg air freisin. Chuir sé cúpla ceist ar Liam faoi rialacha an bhóthair . D’fhreagair sé iad gan dua. Isteach sa charr leo, chuir siad a gcriosanna sábhála orthu agus thiomáin Liam sios an bóthar. Tháinig crith cos agus lámh ar Liam bocht
3
Go gairid ina dhiaidh sin, bhí siad ar phríomhshráid an bhaile. Ansin, chonaic Liam a chairde Seán agus Úna ina seasamh ar an gcosán. Bhain sé a lámh den roth stiúrtha agus bheannaigh sé dóibh. Thug liam neamhaird ar an mbóthar. Ní mó ná sásta a bhí an scrúdaitheoir.
4
I bpreabadh na súl bhí carr eile buailte aige. Baineadh geit as Liam agus an scrúdaitheoir gan dabht ar bith. Fearmeánaosta le croiméal agus caipín bréide ar a cheann a bhí sa charr eile. Bhí sé trína cheile an fear bocht. Ba laige go raibh Liam dtrioblóid.
5
Tháinig na gardaí ansin bun an scéal a fhiosrú. Bhí fearg an Domhain ar an tiománaí eile gur scriosadh a charr. Bhí sé le ceangal. Bhí an scrúdaitheoir náirithe os comhair an tsaoil. Rinne an scrúdaitheoir iarracht an scéal a mhíniú don gharda. Liam bocht agus é ina seasamh in aice leis an scrúdaitheoir. Bhí cuma bhrónach air. Bhuel “ní thagann ciall ríomh aois” mar a dúirt.
6
Tar eis na timpiste d’fhill liam agus an scrúdaitheoir ar an ionad tástála. D’inis an scrúdaitheoir dó gur theip air an scrúdú tiomána. Bhí an scrúdaitheoir an-tuisceanach agus dúirt sé go mbeadh seans eile ag Liam. D’inis sé dó freisin go raibh sé an-tábhachtach a bheith aireach ar na bóithre i gcónaí “cleachtadh a dhéanann máistreacht”