Taiscéalaíocht Agus Fionnachtana Flashcards
Cén cháil atá ar Marco Polo?
“Ba é Marco Polo (1254—1324) an chéad Eorpach mór le rá a chuaigh go dtí an tOirthear ag taiscéalaíocht. Thug sé spíosraí agus síoda ar ais leis.”
Cén fáth go raibh suim ag muintir na hEorpa san Oirthear i rith an Renaissance?
Bhí suim ag muintir na hEorpa san Oirthear i rith an Renaissance de bharr go raibh rudaí luachmhar san oirthear cosúil le spíosraí, síoda agus mar sin, agus bhí alán airgead le tuilleamh ó na rudaí sin.
Cad a rinne an Tuirc le trádálaithe na hEorpa le linn na 15ú aoise?
Chuir siad stop leis nó chuir siad cáin ard ar na hEorpaigh a bhí á n-úsáid.
- Luaigh cúis amháin eile gur thosaigh tíortha ag taiscéalaíocht.
Thosaigh siad ag taiscéalaíocht mar de bharr gur cheap daoine go raibh an Críostaíocht fíor reiligiún an Domhan, mar sin theastaigh uathu dúchasaigh na dtailte ‘nua’ a iompú chun na Críostaíochta.
- Mínigh a raibh i gceist leis an gcompás
“Bhí an compás bunaithe ar an domhantarraingt. Bhí an chuma air gur clog a bhí ann ach amháin na treonna a bhí scríofa seachas uimhreacha. Bhí maighnéad taobh istigh de agus choimeád sé sin an tsnáthaid i dtreo an tuaiscirt. Thaispeáin sé do mhairnéalaigh cén treo ina raibh siad ag seoladh.
Conas a rinne an lomán agus líne nó luasmheá tomhais ar luas na loinge? ..
“Rópa ab ea an líne agus bhí lomán ceangailte ag an deireadh. Bhí snaidhmeanna ceangailte sa rópa leis an spás céanna idir gach snaidhm. Chaith an mairnéalach an líne amach ar an bhfarraige. Chomhair an mairnéalach cé chomh fada is a thóg sé ar gach snaidhm dul trína lámha. Bhí sé ábalta an luas a thomhas sa tslí sin. ”
Cén fáth go dtugtar “knot” ar luas na loinge?
“úsáidtear an téarma ‘knot’ chun cur síos a dhéanamh ar luas loinge.”
Cad a thomhais an fheádóireacht?
Thomhais an feádóireacht doimhneacht na farraige.
Cén úsáid a bhain mairnéalaigh as an astraláib?
“Rinne an astraláib tomhas ar na réaltaí sa spéir. Bhí na mairnéalaigh ábalta a oibriú amach cén áit ar an bhfarraige a raibh siad dá bharr sin”
Cén úsáid a bhain mairnéalaigh as an gceathramhán?
“D’oibrigh an ceathramhán sa tslí chéanna leis an astraláib ach amháin go ndearna sé tomhas ar an ngrian nó réalta an tuaiscirt.
Cad a bhí ins na cairteacha portalacha? …
“Mapaí den chósta ab ea na cairteacha portalacha. Bhí siad an-chruinn ach d’oibrigh siad in aice an chósta amháin”
Cén saghas loinge a bhí ag muintir na hEorpa roimh ré na taiscéalaíochta?
“Roimhe sin bhí na báid mall san uisce agus bhí seol mór cearnógach nó dhó orthu. Dá mba rud é go raibh an ghaoth i gcoinne an bháid ní bheadh sí in ann seoladh
Cad a bhí i gceist leis an gcarbhal? …..
“ • Longa clinse ab ea na longa sin. Is é a bhí ann ná gur chuir siad na cláir ag taobh na long ina luí thar a chéile. D’éirigh na longa ní ba láidre dá bharr sin.
* Bhí taobhanna na long níos míne ná mar a bhí cheana féin agus ghluais siad ní ba thapúla dá bharr sin. * D'úsáid siad meascán de sheolta cearnógacha agus triantánacha. Úsáideadh na seolta cearnógacha nuair a bhí an ghaoth sna seolta. Nuair a bhí an ghaoth i gcoinne na seolta d'úsáid siad na seolta triantánacha chun breith ar an ngaoth. * Chuir siad stiúir mhór ar chúl na loinge chun an long a dhíriú sa treo a theastaigh uathu. ”
Cén fáth go raibh meascán de sheolta sa charbhal? .
Má bhíonn an gaoth ag dul i gcoinne an long beidh siad in ann seoladh de bharr na sheolta triantánacha
Cad í an chúis reiligiúnach a bhí ag an bPortaingéil le dul ag taiscéalaíocht?
“Bhí an Phortaingéil ag iarraidh fáil réidh leis na Moslamaigh a bhí sa tír. Chuir siad an ruaig orthu síos go dtí an Afraic. Lean siad ann iad. Nuair a bhí siad ann chuala siad scéalta faoin ór a bhí i nDeisceart na hAfraice.