Sraith 9: Sláinte Na nÓg Flashcards
Bhí sé leathuair tar éis a deich. Bhí an príomhoide san oifig. Bhí sí ag caint ar an idirchum. Bhí sí ag fógairt Seachtain na Sláinte sa scoil.
Bhí cluiche sacair pleanáilte idir na múinteoirí agus na daltaí.
Bhí ranganna aeróbaice pleanáilte sa Halla Spóirt.
Bhí bia sláintiúil ar fáil sa Cheaintín le linn Seachtain na Sláine. Bhí úlla, iógairt agus arán donn tí ar an mbiachlár. Bhí na daltaí ag fanacht i líne ar an mbia.
Níor ceart a lán mearbhia a ithe. Mar shampla, burgair, ispíní agus deochanna siúcraithe. Níl mearbia sláintiúil agus is fearr an tsláinte ná na táinte.
Chuaigh na daltaí ar shiúlóid urraithe. Bhailigh siad airgead do threalamh spóirt. Bhí an lá go deas nuair a rinne siad an tsiúlóid. Bhain siad taitneamh as. Bhí siad ag caint agus ag gáire.
Labhair an mhúinteoir faoi fhadhbanna sláinte. Má tá fadhb ag dalta ba cheart dóibh labhairt le daoine, dar léi.
Bhí sé ceathrú tar éis a dó. Bhí seachtain na Sláinte thart. Labhair an príomhoide ar an idirchum arís. Bhí sí sásta. Seachtain den scoth a bhí ann, dar léi. Bhí sí fíorbhuíoch de gachq duine, a dúirt sí.