Scrúdú Samhraidh Flashcards
feidhmeanna an análaithe
Ocsaigin a thógáil isteach
• Dé-ocsaíd charbóin a eisfhearadh
• Gal uisce a eisfhearadh
Laraing
feadán an ghlóir). Is í a dhéanann fuaimeanna.
Fáinní loingeáin
a choimeádann na píobáin aeir ar oscailt.
Matáin idireasnacha
is cúis leis an gcliabhrach bogadh isteach agus amach le linn análú.
An Scairt
leathán matánach a bhogann suas agus síos le linn análú agus is é i s cúis le haer gluaiseacht isteach agus amach as na scamhóga.
An Traicé
píobán garbh) a ligeann d’aer dul isteach agus amach go dtí na scamhóga.
An Broncas
feadán a iompraíonn aer ón traicé go dtí na scamhóga.
Broincíní
feadáin chaola a impraíonn aer laistigh de na scamhóga.
Aibheolais
aershaic bhídeacha a bhíonn clúdaithe le gréasán d’fhuileadáin chúnga. Malartaítear ocsaigin agus dé- ocsaíd charbóin ar a chéile sna hailbheolais.
An Chillriospráid:
Cillriospráid a thugtar ar an bpróiseas trína scaoiltear fuinneamh ó bhia.
Glúcós + Ocsaigin Dé-ocsaíd charbóin + Uisce + Fuinneamh
C6H12O6 + 6O2 6CO2 + 6H2O + Fuinneamh
An Plasma
Plasma a thugtar ar ar an gcuid leachtach den fhuil
Feidhmeanna a bhíonn ag an bhFuil
Bia a iompar ón gcóras díleáite chuig na cealla.
• Ocsaigin a iompar ó na scamhóga chuig na cealla chun fuinneamh a chur
ar fáil ón mbia le linn riospráide.
• Fuíollábhair ar nós úiré a iompar ón ae chuig na duáin chun go
n-eisfhearfar é.
Fuilchill Dhearg
Déchuasach. Gan núicléas. Haemaglóibín iontu.
Smior na gcnámh
5,000,000/mm3
Ocsaigin a iompar
Fuilchill Bhán
Gan cruth cinnte.
Smior na gcnámh
8,000/mm3
Cosaint in aghaidh galair. Antashubstaintí a dhéanamh.
Pláitín
Píosaí de chealla.
Smior na gcnámh
250,000/mm3
An fhuil a théachtadh
Artairí
Iompraíonn na hartairí fuil ón gcroí go dtí gach páirt den chorp.
Féitheacha
Is iad na féitheacha a iompraíonn fuil ón gcorp ar ais go dtí an croí.
An vena cava íochtarach
Iompraíonn an fhuil ó na cosa agus ó íochtar na colainne
An vena cava uachtarach
Iompraíonn an fhuil ón gcloigeann agus ó uachtar na colainne
An t-artaire scamhógach
Iompraíonn an fhuil go dtí na scamhóga
An t-aorta
Iompraíonn an fhuil ar fud na colainne
Féitheacha scamhógacha
Iompraíonn an fhuil ar ais ó na scamhóga
Feidhmeanna a bhíonn ag an gCnámharlach
• Tacaíocht. Gan é ní bheadh sa chorp ach glóthach.
•Cosaint. Cosnaíonn an bhlaosc an inchinn, mar shampla.
• Gluaiseacht. Is ancaire é ag na matáin rud a chuireann ar chumas an
choirp gluaiseacht.
An Cnámharlach Aiseach (Lárnach)
An bhlaosc, an colún veirteabrach agus creat na n-easnacha.
An Cnámharlach Aipindiceach
Imeallach) – An crios uchtach (timpeall na gualainne), an crios peilbheach (timpeall an chromáin) agus na géaga.
An Bhlaosc:
An cráiniam a chosnaíonn an inchinn.
(ii) Na cuasa ina mbíonn na súile agus na cluasa suite. (iii) Na gialla ina mbíonn na fiacla suite
An Colún Veirteabrach
33 veirteabra a chosnaíonn corda an dromlaigh.
An Crios Uchtach
An slinneán lena bhfuil an ghéag uachtarach ceangailte agus an dealrachán.
An Crios Peilbheach
An peilbheas agus an cromán lena mbíonn an ghéag íochtarach ceangailte.
Alt
Alt a thugtar ar an áit a mbuaileann dhá chnámh le chéile.
Comhdhéanamh Cnáimhe
Comhdhéantar cnámh de pháirt chrua mhianrach agus de pháirt sholúbtha orgánach.
Ballnasc
Ceanglaíonn ballnasc cnámh le cnámh eile.
Teannán
Ceanglaíonn teannán matán le cnámh.